Tá áthas ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an tUasal John McIvor ceaptha mar Bhainisteoir nua ar a sheirbhís ceoil, Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall (DMEP). Tagann seo i ndiaidh imeacht an bhainisteora roimhe sin, Martin McGinley, anuraidh.
Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas do John, d’oibrigh sé roimhe sin mar riarthóir tionscadail leis an tseirbhís ceoil. Roimhe sin, d’oibrigh John sa Ríocht Aontaithe mar ghníomhaire ceoil, mar thionscnóir agus mar bhainisteoir camchuairte do go leor ceoltóirí idirnáisiúnta a bhí ar camchuairt.
Cuireann Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall, atá lonnaithe san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn, teagasc ceoil ar fáil ar fud Chontae Dhún na nGall, agus creideann siad go dtig leis an cheol cuid mhór a chur le saol gach duine.
Is é príomhchuspóir na comhpháirtíochta ceachtanna ceoil inrochtana a bheith ar fáil do gach duine ar chostas réasúnta.
Cuireann sé uirlisí ar cíos do scoláirí nua agus reáchtálann sé ceardlanna, ensembles agus cóir chun cuidiú le scileanna ceoil agus sóisialta na scoláirí a fhorbairt. I measc na ngrúpaí uirlise agus taibhithe DMEP tá Téadcheolfhoireann Sóisearach Dhún na nGall, Ceolfhoireann Aireagail Dhún na nGall agus Ceolfhoireann Óige Dhún na nGall. I measc a gcór tá Cór Óige Dhún na nGall agus Cór Sóisearach Leitir Ceanainn.
Ag labhairt dó faoina cheapachán, dúirt John, “Tá áthas orm glacadh le ról Bainisteoir Forbartha Ceoil le ETB Dhún na nGall. Is féidir leis an cheol saolta a shaibhriú agus pobail a neartú ar fud Dhún na nGall. Tá mé ag dúil le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe uilig, le daoine óga agus le scoileanna ar fud an chontae chun deiseanna a fhorbairt agus a chinntiú go bhfuil oideachas ceoil inrochtana, cuimsitheach agus spreagúil do gach duine.”
Agus é ag déanamh comhghairdis le John ar a cheapachán, dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna le ETB Dhún na nGall, a dhéanann maoirseacht ar bhainistíocht na seirbhíse ceoil chomh maith: “Thar ceann ETB Dhún na nGall, déanaim comhghairdeas ó chroí le John McIvor ar a cheapachán mar Bhainisteoir Forbartha Ceoil. Glacann John neart taithí, paisin agus cruthaitheachta leis chuig an ról seo, agus tá mé muiníneach, faoina cheannaireacht, go leanfaidh ár gcláir cheoil ag fás agus ag spreagadh daoine óga agus pobail ar fud Dhún na nGall.”
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair fhorbartha a rinne ár mbainisteoir roimhe sin, Martin McGinley, le naoi mbliana anuas.”
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís ceoil trí scairt a chur ar 074 9176293 nó ríomhphost a sheoladh chuig musiceducation@donegaletb.ie.
Cuirfidh John tús lena cheapachán láithreach bonn.