Spreagtar Grúpaí Pobail ar fud Dhún na nGall chun Iarratas a Dhéanamh ar an Chiste Náisiúnta €1 milliún um Chomhoibriú agus Nuálaíocht chun Aghaidh a Thabhairt ar Riachtanais Litearthachta nach nDearnadh Freastal orthu

Adult Literacy for Life logo in English and Irish

Adult Literacy for Life logo in English and Irish

Tá Oifig an Chláir Litearthacht Aosach ar feadh an tSaoil (ALL), le tacaíocht ó SOLAS, i ndiaidh gairm a fhógairt do chomhpháirtithe pobail ar fud Dhún na nGall chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais litearthachta áitiúla agus náisiúnta nach ndearnadh freastal orthu trína Ciste Náisiúnta €1 milliún um Chomhoibriú agus Nuálaíocht 2026.

Rinne an tAire Stáit, Marian Harkin TD, an ghairm mhaoinithe go hoifigiúil, ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, i mBaile Átha Cliath.

Cuirfidh €1 milliún i maoiniú ar chumas comhpháirtithe pobail ar fud réigiún Dhún na nGall agus na hÉireann rochtain a fháil ar mhaoiniú tábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine fásta ag a bhfuil riachtanais litearthachta, uimhearthachta, litearthacht dhigiteach agus litearthacht airgeadais nach ndearnadh freastal orthu. Cuideoidh sé leo fosta pobail atá in ann an litearthacht a thuigbheáil a chruthú.

Tá riachtanais litearthachta nach ndearnadh freastal orthu ag breis agus 700,000 duine in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, tá níos mó i gceist leis an litearthacht ná léitheoireacht agus scríbhneoireacht, agus tá riachtanais uimhearthachta, litearthacht dhigiteach agus litearthacht airgeadais nach ndearnadh freastal orthu ag go leor daoine. Ciallaíonn sé sin gur féidir le tascanna laethúla dála foirm a líonadh, treoracha a léamh ar chógais, bille a chur le chéile, cuidiú le páistí leis an obair bhaile, nó cuardach a dhéanamh ar líne faoi choinne eolais a bheith deacair ar dhaoine.

I réigiún Dhún na nGall, thacaigh maoiniú ALL um Chomhoibriú agus Nuálaíocht in 2025 le cur i bhfeidhm rathúil cúrsa ‘Bainistigh Mo Theach’. Ba chomhoibriú é seo idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus ETB Dhún na nGall. Cuireadh seo ar fáil do dhaoine a bhog isteach ina dteach féin ar na mallaibh agus thacaigh sé leo a gcuid scileanna litearthachta airgeadais a fhorbairt. Reáchtáladh sé chúrsa ar fud an chontae, agus d’fhorbair an Clár um Fhoghlaim chun Maireachtála curaclam don chúrsa.

D’fhoghlaim rannpháirtithe an dóigh chun suíomhanna gréasáin comparáide praghsanna a úsáid, an dóigh chun anailís a dhéanamh ar a gcuid billí leictreachais, agus fuair siad leideanna bainistíochta airgid, i measc go leor scileanna eile.

Image of perosn
Adele McElhinney, Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta, ETB Dhún na nGall

Dúirt Adele McElhinney, Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta ag ETB Dhún na nGall: “Sa bhliain 2025, cuireadh roinnt tionscadal rathúla agus claochlaitheacha ar fáil ar fud réigiún Dhún na nGall, a bhuíochas leis an Chiste Comhoibrithe agus Nuálaíochta ALL. Mar gheall ar an mhaoiniú seo bhíothas in ann tacú le foghlaimeoirí i mBun Cranncha, Leitir Ceanainn, Béal Átha Seanaidh, agus Gaoth Dobhair ag a bhfuil riachtanais litearthachta nach ndearnadh freastal orthu.”

“Bhíothas in ann tacú le pobail agus le daoine fásta leochaileacha agus seirbhísí litearthachta áitiúla a chur chun cinn mar gheall ar an mhaoiniú seo. Cuidíonn sé seo le laghdú na náire a bhaineann le riachtanais litearthachta nach ndearnadh freastal orthu.”

“Tríd na comhpháirtíochtaí seo, bhí muid in ann tacú go héifeachtach le níos mó daoine , rud a chuir ar chumas foghlaimeoirí muinín a chothú leis an litearthacht agus páirt níos iomláine a bheith acu sa tsochaí. Mholfainn do níos mó comhpháirtithe i réigiún Dhún na nGall oibriú le chéile chun tionscnaimh phobail a chruthú a chuideoidh le líon na ndaoine a bhfuil riachtanais litearthachta, litearthachta digiteacha agus uimhearthachta acu, nach ndearnadh freastal orthu, a laghdú.”

Dúirt Yvonne McKenna, Stiúrthóir Oifig Chlár ALL ag SOLAS: “Tá ról ríthábhachtach ag Ciste um Chomhoibriú agus Nuálaíocht ALL i gcinntiú go bhfuil litearthacht ag gach duine fásta in Éirinn chun riar ar a gcuid riachtanas. Tá fíorthionchar ag na tionscadail a dtacaítear leo faoin Chiste maidir le réigiún Dhún na nGall a dhéanamh níos eolaí agus níos cairdiúla ó thaobh litearthachta de.

Mar gheall ar an Chiste, is féidir réimse bríomhar agus éagsúil clár a chur ar fáil atá ag cuidiú le saol daoine fásta in Éirinn, ag a bhfuil riachtanais litearthachta nach ndearnadh freastal orthu, a athrú. Tá an Ciste dírithe ar na daoine is mó atá i mbaol riachtanais litearthachta a bheith acu, lena n-áirítear daoine fásta níos sine, baill de phobal an Lucht Siúil, imircigh, daoine atá ina dtuismitheoirí aonair, agus daoine a fhágann an scoil go luath.”

Tá tuilleadh eolais faoin Chiste agus an dóigh chun iarratas a dhéanamh ar fáil ag https://www.adultliteracyforlife.ie/fund/. Is é 12pm Déardaoin an 22 Eanáir 2026 an dáta deiridh don chiste.

Preasráiteas arna sholáthar ag SOLAS.