Osclaíonn Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach, Saotharlann Nua-Aimseartha ETIM agus Makerspace

Group of people and a ribbon being cut.
Group of people and a ribbon being cut.
Saotharlann ETIM agus Makerspace nua-aimseartha á hoscailt go hoifigiúil ag Catherine McManus, Stiúrthóir Oibríochtaí Mowi Ireland, i gColáiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach.

Tá saotharlann úrnua ETIM agus Makerspace oscailte ag Coláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach. Bhíothas in ann an áis den scoth seo a chur ar fáil, atá ceaptha cruthaitheacht, nuálaíocht agus foghlaim phraiticiúil san Eolaíocht, sa Teicneolaíocht, san Innealtóireacht agus sa Mhatamaitic (ETIM) a spreagadh, a bhuíochas le tacaíocht fhlaithiúil Mowi Ireland.

Sheol an scoil suíomh gréasáin úrnua fosta, https://mulroycollege.ie/, ag an imeacht oscailte ar an Aoine, 19 Meán Fómhair.

Ba iad an Leas-phríomhoide David McHale, foireann TFC na scoile agus an Comhordaitheoir TFC Maria Ryan a bhí i gceannas ar fhorbairt thionscadal Shaotharlann ETIM agus Makerspace.

Tá an áis, atá lonnaithe i seomra ranga atá ann cheana féin sa scoil Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), feistithe go hiomlán leis an chuid is úire den teicneolaíocht agus acmhainní.

Ina measc seo tá printéirí 3T agus gearrthóirí léasair, fearais róbataice agus leictreonaic in-ríomhchláraithe Spheroe, fearais Lego Spike Prime, stáisiúin oibre leictreonaice le haghaidh ciorcadraí agus códaithe, folúsfhoirmeoir agus gearrthóir vinile, agus sainspásanna d’fhoghlaim chomhoibríoch, bunaithe ar thionscadail.

Tabharfaidh na huirlisí seo an deis do na mic léinn dul i mbun an timthrialla iomláin dearaidh, idéú, fréamhshamhlú, tástáil agus atriall, ag cruthú nasc idir oideachas teoiriciúil ETIM agus cur i bhfeidhm praiticiúil.

Person talking
Stiúrthóir Oibríochtaí ag MOWI Ireland, Catherine McManus.

Agus an áis á hoscailt go hoifigiúil, dúirt Catherine McManus, Stiúrthóir Oibríochtaí ag MOWI Ireland, “Tá lúcháir orainn a bheith i gcomhpháirtíocht le Coláiste na Maoile Rua ar an tionscadal iontach seo. Creideann muid, ag MOWI, gur ceann de na bealaí is cumhachtaí é chun tacú lenár bpobail é infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga agus ina gcuid oideachais. Tá bród orainn ról a bheith againn maidir leis an chéad ghlúin eile d’eolaithe, d’innealtóirí agus d’fhadhbréiteoirí a spreagadh.”

Tá ról ríthábhachtach ag MOWI, an soláthraí bradán feirme is mó ar domhan agus an táirgeoir próitéine is inbhuanaithe, ní hamháin trí mhaoiniú, ach trí rannpháirtíocht leanúnach, trí shaineolas, meantóireacht agus deiseanna tionscadail ón fhíorshaol a thabhairt do mhic léinn.

Agus an gnó lonnaithe i gContae Dhún na nGall agus níos faide i gcéin, tá Mowi Ireland tiomanta do chleachtais inbhuanaithe, do fhreagracht comhshaoil agus d’infheistíocht i bpobail áitiúla. Léiríonn urraíocht ar thionscnaimh oideachais ar nós Shaotharlann ETIM agus Makerspace Choláiste na Maoile Rua a dtiomantas maidir leis an aos óg a chumasú trí fhoghlaim agus nuálaíocht.

Person talking.
Príomhoide Choláiste na Maoile Rua, Fiona Temple.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Príomhoide Choláiste na Maoile Rua, Fiona Temple, “Is deis spreagúil eile é an áis seo dár mic léinn agus cuireann sé lena bhfuil againn cheana féin sa scoil ó thaobh ETIM de. Tá na huirlisí, an saineolas agus an mhuinín á gcur ar fáil againn do dhaoine óga chun a bheith ina gcruthaitheoirí, ina n-aireagóirí agus ina gceannairí i réimse ETIM. Tá muid bródúil as a bhfuil bainte amach againn, agus tá muid ar bís faoi na deiseanna atá romhainn.”

“Ní bheadh an áis seo againn gan tacaíocht fhlaithiúil ó Mowi Ireland. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Catherine McManus agus le Maurice Kelly as an tiomantas gan staonadh a thug siad don tionscadal seo ón tús. Beidh ár mic léinn in ann leanstan de bheith ag fás i réimse ETIM faoi threoir a gcuid múinteoirí díograiseacha.”

Dhírigh sí aird ar an dóigh a bhfuil an Coláiste ag tnúth le dul chun cinn na mac léinn a fheiceáil san áit seo, iad ag forbairt scileanna a thabharfaidh deiseanna dóibh i dtaca le breisoideachas agus ardoideachas, printíseachtaí, agus gairmeacha sásúla i réimsí atá ag teacht chun cinn.

Group of people around a desk with teaching resources.
Pieter Van Ruiven, Príomhchinnire na nGasúr, Maeve McClean, Príomhchinnire na gCailíní, Steven Sheridan, Leas-phríomhchinnire na nGasúr agus Gemma McGonigle, Leas-phríomhchinnire na gCailíní ó Choláiste na Maoile Rua, i gcuideachta Catherine McManus, Stiúrthóir Oibríochtaí Mowi Ireland, Maurice Kelly, Bainisteoir Acmhainní Daonna Mowi Ireland, Fiona Temple, Príomhoide Choláiste na Maoile Rua, agus na Leas-phríomhoidí David McHale agus Amanda Quinn, ag oscailt Saotharlann ETIM agus Makerspace nua-aimseartha na scoile.

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Is forbairt iontach spreagúil don scoil agus don phobal i gcoitinne é oscailt Shaotharlann ETIM i gColáiste na Maoile Rua. Spreagfaidh an áis nua-aimseartha seo cruthaitheacht, réiteach fadhbanna agus nuálaíocht, ag tabhairt na scileanna dár ndaoine óga atá de dhíth orthu don saol oibre amach anseo. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Phríomhoide, don fhoireann agus do mhic léinn Choláiste na Maoile Rua chomh maith le Mowi Ireland as an díograis agus an fhís a bhí acu an tionscadal seo á thabhairt chun críche.”

Tugann Coláiste na Maoile Rua cuireadh do mhic léinn agus do thuismitheoirí ionchasacha, do ghnólachtaí áitiúla, do pháirtithe leasmhara oideachais, agus don phobal i gcoitinne cuairt a thabhairt ar an tSaotharlann ETIM agus Makerspace nua ag Oíche Oscailte na scoile Déardaoin, an 6 Samhain, a mbeidh taispeántais scileanna, tionscadail mhic léinn, agus turas na háise mar chuid di. Cuirtear fáilte roimh bhunscoileanna áitiúla fosta cuairt a thabhairt ar an áis nua agus rachfar i dteagmháil leo sna seachtainí amach romhainn.

Young students working togehter at a desk.
Ceardlann róbataice Lego le daltaí Scoil Cholmcille, Cill Mhic Réanáin, sa tSaotharlann ETIM agus Makerspace nua-oscailte.