Rinneadh Ceiliúradh ar Rath Mac Léinn ag Bronnadh Duaiseanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i Leitir Ceanainn

Group of people sitting and standing, some holding awards.
Group of people sitting and standing, some holding awards.
Ciarán Ó Briain, Stiúrthóir ar Bhreisoideachas agus Oiliúna, an Clr Terry Crossan, Cathaoirleach ETB agus Charles Gorney, Oifigeach Oideachais Aosaigh in éineacht leis na Mic Léinn ar bronnadh Mhic Léinn na Bliana orthu.

Fuair mic léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) a d’fhreastail ar Ionaid FET i Leitir Ceanainn (Bóthar an Phoirt) agus i mBaile na nGallóglach teastais chúrsa ag ócáid bronnta duaiseanna Déardaoin, 27 Samhain seo caite.

D’óstáil Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) an ócáid chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí mac léinn ó raon cúrsaí FET ag Leibhéal 4, 5, agus 6, a bhí ar siúl sna hionaid le linn na bliana acadúla 2024/2025.

Ag tógáil ar rath na mblianta roimhe sin, tháinig chóir a bheith seachtó iarmhac léinn, a dteaghlaigh, oideoirí, agus aíonna ar tugadh cuireadh dóibh, le chéile faoi choinne oíche aitheantais, machnaimh, agus ceiliúrtha.

Bronnadh teastais ar fud raon cúrsaí, lena n-áirítear Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige , Cúram Sláinte, Scileanna Seirbhíse Sláinte, Cleachtas Míchumais Intleachta, agus Conairí.

Bronnadh Gradaim Mac Léinn na Bliana ar roinnt mac léinn mar aitheantas ar a n-éachtaí pearsanta agus acadúla agus iad i mbun a gcúrsaí.

Group of people sitting and standing, some holding awards.
Mic léinn Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige Leibhéal 6.

Ní hamháin gur thug na gradaim, a bhronn Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Clr Terry Crossan, onóir do shármhaitheas acadúil ach thug siad aitheantas fosta d’fhás pearsanta, do thiomantas agus do chumhacht chlaochlaitheach na foghlama ar feadh an tsaoil.

Agus é ag labhairt leis na daoine a bhí i láthair, leag an Clr Crossan béim ar luachanna ETB Dhún na nGall: “Léiríonn ceiliúradh na hoíche anocht bunús ETB Dhún na nGall, daoine aonair a chumasú trí oideachas agus oiliúint chuimsitheach, ardchaighdeáin a athraíonn saolta. Léirigh na daoine a fuair gradaim seasmhacht, tiomantas agus creideamh ina gcumas féin chun fás agus a bheith rathúil. Cuireann a ngnóthachtálacha i gcuimhne dúinn nach mbaineann an oideachas le cáilíochtaí a fháil amháin, ach le muinín a thógáil, pobail a neartú agus fíordheiseanna a chruthú don todhchaí.”

Group of people sitting and standing, some holding awards.
Mic léinn Chonairí Leibhéal 4.

“Tá muid bródúil as tacú le mic léinn as gach cúlra agus tá muid go fóill tiomanta d’oideachas a dhéanamh inrochtana, nuálach agus claochlaitheach do gach duine,” a dúirt sé.

Labhair cuid de mhic léinn na bliana seo caite faoina dturas foghlama pearsanta féin maidir le seasmhacht, claochlú agus tús nua tríd an oideachas. Léirigh an t-aitheantas a tugadh d’fhoghlaimeoirí fásta, a chuaigh ar ais chuig an oideachas níos moille ina saol, nach bhfuil sé riamh rómhall tosú ag foghlaim. Spreag a gcuid scéalta gach duine a bhí i láthair agus leag siad béim ar thábhacht an oideachais mar bhealach chun muiníne, fostaíochta agus forbartha pearsanta.

Group of people sitting and standing, some holding awards.
Mic léinn Chúram Sláinte Leibhéal 5, Baile na nGallóglach.

Dúirt Ciarán Ó Briain, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall: “Tá níos mó i gceist leis na teastais a bronnadh anocht ná cáilíochtaí amháin – is siombail ar mhisneach, ar chreideamh agus ar thús nua iad. Tá muid millteanach bródúil as gach mac léinn a ghlac an chéim chróga sin i dtreo athraithe.”

Ghabh sé buíochas ó chroí fosta le foireann an ionaid as a gcreideamh, a dtacaíocht agus a spreagadh gan staonadh, ag cruthú timpeallachta fáiltí ina dtig le mic léinn bláthú mar is ceart.

Is féidir tuilleadh eolais faoi chúrsaí a chuireann an tIonad FET i Leitir Ceanainn (Bóthar an Phoirt) ar fáil a fháil ar aimsitheoir cúrsa ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall, (www.donegaletb.ie/fetcoursefinder), nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Oideachais Aosaigh Charles Gorney trí scairt a chur ar 074 9706047 nó ríomhphost a sheoladh chuig fetcentreletterkenny@donegaletb.ie.

 

Group of people sitting and standing, some holding awards.
Mic léinn Scileanna Seirbhíse Sláinte Leibhéal 5..
Group of people sitting and standing, some holding awards.
Mic léinn Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige Leibhéal 5.
Group of people sitting and standing, some holding awards.
Mic léinn Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige Leibhéal 5.
Group of people sitting and standing, some holding awards.
Mic léinn Chleachtais Míchumais Intleachta Leibhéal 5.