Bunscoileanna

Scoileanna Náisiúnta Pobail (SNPanna) a thugtar ar bhunscoileanna atá faoi stiúir ETBanna. Cé nach bhfuil aon SNPanna i gCo. Dhún na nGall faoi láthair, d’fhéadfadh sé sin athrú amach anseo agus tá roinnt eolais fúthu ar fáil sa bhileog seo.

Bunscoileanna faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB)

Cad atá i gceist le Scoileanna Náisiúnta Pobail?

Bunscoileanna stáit, comhoideachais, il-sainchreidmheacha is ea Scoileanna Náisiúnta Pobail (SNPanna) a bhfuil cúig chroíluach mar bhonn fúthu: Sármhaitheas san Oideachas, Cúram, Comhionannas, Pobal agus Meas. Tá SNPanna faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúil (ETBanna). Tugann SNPanna comhdheiseanna do gach páiste sna pobail a bhfreastalaíonn siad orthu agus féachann siad le hoideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí thimpeallachtaí foghlama atá measúil, dearfach, tacúil agus freagrúil.

Cén fáth a bhfuil an tsamhail SNP ag fás?

Tá Scoileanna Náisiúnta Pobail mar pháirt d’fhreagairt an Stáit ar an dóigh a bhfuil i bhfad níos mó éagsúlachta le fáil i sochaí na hÉireann anois. Tá níos tuismitheoirí ag éileamh ar an Stát níos mó roghanna a chur ar fáil i dtaca le cineálacha scoileanna seachas samhlacha aon-sainchreidmheacha. Ina theannta sin, tá níos mó éilimh in Éirinn ar bhunscoileanna atá faoi bhainistíocht phoiblí mar suas go dtí seo, bhí siad maoinithe go poiblí ach faoi bhainistíocht phríobháideach. Sásaíonn forbairt na Scoileanna Náisiúnta Pobail an dá éileamh; is éabhlóid iontach atá ann i saol an oideachais in Éirinn. Aithnítear ar fud na cruinne go bhfuil sármhaitheas le fáil san earnáil bunscoile in Éirinn. Tá Stát na hÉireann ar thús cadhnaíochta uair amháin eile leis an tsamhail úr bhunscoile seo a aithníonn agus a cheiliúrann féiniúlacht gach páiste go cothrom.

Cé leis na scoileanna seo agus cén difear a dhéanann sé sin?

Feidhmíonn ETBanna áitiúla mar phátrúin na Scoileanna Náisiúnta Pobail. Is údaráis reachtúla iad ETBanna agus tá siad freagrach as Scoileanna Náisiúnta Pobail, iar-bhunscoileanna, agus réimse leathan seirbhísí breisoideachais agus oiliúna (FET). Tá clú agus cáil orthu mar gheall ar an dóigh a gcuireann siad oideachas ionchuimsitheach, nuálach ar ardchaighdeán ar fáil, oideachas a fhreastalaíonn ar an phobal uilig.

Mar scoileanna ETB, baineanna Scoileanna Náisiúnta Pobail an-tairbhe as réimse leathan tacaíochtaí agus seirbhísí ón ETB áitiúil. Cuireann ETBanna réimse leathan tacaíochtaí ar fáil do scoileanna sna réimsí seo a leanas: rialachas, oideachas, riarachán, airgeadas, acmhainní daonna agus Teicneolaíocht Faisnéise (TF). Tá tionchar díreach aige sin ar na páistí agus ar na teaghlaigh a fhreastalaíonn ar na scoileanna sin, sa mhéid is go ligeann sé do lucht ceannaireachta scoile díriú ar a bpríomhthasc mar atá teagasc agus foghlaim a threorú. Cinntíonn sé sin go bhfuil an caighdeán is airde sármhaitheasa le fáil inár scoileanna. Chomh maith leis sin is féidir le ETBanna seirbhís luachmhar a chur ar fáil do thuismitheoirí na bpáistí atá ag freastal ar SNPanna trína gcláir bhreisoideachais.

Cén cineál eispéiris a bheidh ag mo pháiste i Scoil Náisiúnta Phobail?

Déanann Scoileanna Náisiúnta Pobail gach iarracht le comhdheiseanna a chur ar fáil do gach dalta lántairbhe a bhaint as an churaclam agus as saol na scoile. I ngach gné de shaol na scoile caitear go cothrom le gach ball dár bpobail scoile beag beann ar na nithe seo a leanas: cine, creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas sibhialta, ball den phobal Taistealaithe, gnéaschlaonadh, cumas nó stádas socheacnamaíoch. Cuireann ár gcuid scoileanna timpeallacht shábháilte, fhisiciúil agus shóisialta ar fáil, rud a threisíonn an mothú a bhíonn ar dhaoine go bhfuil siad mar pháirt lárnach de phobal na scoile agus den tsochaí i gcoitinne. Déanann siad gach iarracht le gach dalta a chumasú lena lánacmhainneacht a bhaint amach beag beann ar aon ghné dá bhféiniúlacht nó cúlra. Cuireann ár gcuid scoileanna oideachas iomlán ionchuimsitheach chun cinn a aithníonn iolracht na bhféiniúlachtaí, na gcreideamh agus na luachanna atá ag daltaí, ag tuismitheoirí agus ag baill foirne.
Cosúil le gach bunscoil in Éirinn, leanann Scoileanna Náisiúnta Pobail Curaclam na Bunscoile (DE, 1999). As siocair go bhfuil éiteas il-sainchreidmheach ag SNPanna, úsáideann páistí curaclam oideachais ilchreidimh agus luachanna, Goodness Me, Goodness You! (GMGY).

Cén dóigh a dtiocfadh le Scoil Náisiúnta Phobail oscailt i mo cheantar?

Osclaítear Scoileanna Náisiúnta Pobail i bpobail úra mar gheall ar cheann amháin de dhá phróiseas: bunú scoile úire i gceantair a bhfuil fás déimeagrafach iontu nó aistriú pátrúnachta scoile reatha ó fhoras pátrúnachta eile chuig an ETB áitiúil.

Oscailt Scoile Úire

Déanann an Roinn Oideachais (RO) cinneadh maidir le cá hait agus cén uair atá scoileanna de dhíth i gceantair a bhfuil fás déimeagrafach iontu. Iarrtar ar thuismitheoirí atá i dteideal vóta a chaitheamh déanamh amhlaidh maidir leis an chineál scoile ba mhaith leo a bheith bunaithe trí Phróiseas Comórtais Pátrúnachta. Má vótálann formhór na dtuismitheoirí ar son Scoil Náisiúnta Phobail tríd an phróiseas sin, bunófar SNP ina gceantar. Le heolas a fháil maidir le comórtais phátrúnachta atá ag teacht aníos tabhair cuairt ar https://patronage.education.gov.ie/.

Is féidir le tuismitheoirí agus baill den phobal áitiúil tacú le Scoileanna Náisiúnta Pobail i gcomórtais phátrúnachta atá ag teacht aníos trína spéis a léiriú ar an láithreán gréasáin www.cns.ie.

Aistriú Pátrúnachta Scoile

Má tá spéis ag daoine i SNP a oscailt, ach níl bunú bunscoile úire indéanta, d’fhéadfadh scoil reatha sa cheantar pátrúnacht a aistriú chuig an ETB áitiúil. Más mian le pátrún, scoil nó pobal áitiúil eile an rogha sin a fhiosrú, ba chóir dóibh cuairt a thabhairt ar an láithreán gréasáin https://cns.ie/becoming-a-cns/ agus athbhreithniú a dhéanamh ar an fhoilseachán Becoming a CNS de chuid an ETBI mar aon le teagmháil a dhéanamh lena ETB áitiúil le níos mó eolais a fháil.

Cá háit ar féidir liom níos mó eolais a fháil faoi Scoileanna Náisiúnta Pobail?

Le níos mó eolais a fháil ar an tsamhail SNP tabhair cuairt ar www.cns.ie nó lean @CNSIreland ar Twitter.

Sonraí Teagmhála

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil linn ar na sonraí thíos.

Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Guthán: 074 9161600
Fón póca:: 087 9213299
Ríomhphost: eolas@donegaletb.ie