Cumasóige

Is é Cumasóíge an clár oifigiúil oideachais, oiliúna agus taithí oibre de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna do dhaoine óga 16-20 bliain d’aois a d’fhág an scoil go luath. Tá sé mar aidhm ag an chlár na bunscileanna atá de dhíth faoi choinne tuilleadh foghlama a thabhairt do dhaoine óga agus iad a ullmhú chun dul ar aghaidh go dtí breisoideachas/oiliúint nó fostaíocht. Tá sé ionad Cumasóige ann ar fud an chontae i mBaile Átha Seanaidh, i mBun Cranncha, i nGleann Gad, i nGort an Choirce, i Leitir Ceanainn agus i Leifear.

Cad iad na cúrsaí atá ar fáil in Cumasóige?

Cuireann Cumasóige réimse leathan deiseanna foghlama agus oiliúna ar fáil do dhaoine óga. Cuirtear réimse cáilíochtaí náisiúnta QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) ar fáil ag Leibhéil 2 (Foghlaim Ghinearálta), 3 (Scileanna Gnóthaithe Poist) agus 4 (Foghlaim Ghinearálta).  I measc na n-ábhar tá: ealaín agus ceardaíocht, lónadóireacht, ríomhaireacht, cúram leanaí, gruagaireacht, sláinte agus folláine, litearthacht, uimhearthacht, scileanna oifige, gníomhaíochtaí allamuigh, forbairt phearsanta, ceardaíocht adhmaid agus i bhfad níos mó. Tá taithí oibre mar pháirt thábhachtach den Chlár Cumasóige fosta. I measc na gcáilíochtaí eile tá: Bunsláinteachas Bia, CETR, Garchabhair agus Duaiseanna Gaisce.

Cuireann ionaid clár cuimsitheach ar fáil maidir le Cur Chun Cinn na Sláinte, rud a chlúdaíonn réimsí ar nós Meabhairshláinte Dhearfach, Sláinte Ghnéis, Alcól agus Drugaí, Sábháilteacht ar Bhóithre, Saoránacht agus Bainistíocht Airgid.

Táillí 

Tá an clár Cumasóige saor in aisce do dhaoine a fhágann an scoil go luath, idir 16 agus 20 bliain d’aois.  Íoctar liúntas oiliúna d’fhoghlaimeoirí a dhéanann a gcúrsa (€45 do dhaoine 16-17, €208 dóibh siúd 18+ mbliana d’aois).

An dóigh le cur isteach ar Cumasóige     

Tig leat cur isteach ar Cumasóige ag am ar bith i rith na bliana trí theagmháil a dhéanamh leis an ionad is giorra duit tríd na huimhreacha ar dheis, trí iarratas a chur isteach ar líne www.fetchcourses.ie (úsáid Cumasóige mar d’eochairfhocal) nó comhlánaigh an Fhoirm Fiosraithe seo agus beidh an t-ionad is giorra duit i dteagmháil leat. Le níos mó eolais a fháil íoslódáil an bhileog eolais seo.     

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.

Tá Cumasóige comhmhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach.

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Mandy maidir le Cumasóige.

Léigh scéal Faith maidir le Cumasóige.

Léigh scéal Pierce maidir le Cumasóige.

Léigh scéal Jasmine maidir le Cumasóige.

Léigh scéalta Jessica agus Callum maidir le Cumasóige.

Léigh scéal Carmel maidir le Cumasóige.

Sonraí Teagmhála

Béal Átha Seanaidh
Comhordaitheoir Gníomhach Chumasóige
Pernille Burns
Guthán: 071 9851286
Ríomhphost: pernilleburns@donegaletb.ie

Bun Cranncha/Gleann Gad
Comhordaitheoir Chumasóige
Jayne O’Donnell
Guthán: 074 9362626
Ríomhphost: jayneodonnell@donegaletb.ie

Gort an Choirce
Comhordaitheoir Chumasóige
Caitriona Cullen
Guthán: 074 9135218
Ríomhphost: caitrionacullen303@donegaletb.ie

Leitir Ceanainn
Comhordaitheoir Gníomhach Chumasóige
Gillian Kennedy
Guthán: 074 9122585
Ríomhphost: gilliankennedy@donegaletb.ie

Leifear
Comhordaitheoir Gníomhach Chumasóige
Aidan Callaghan
Guthán: 074 9142114
Ríomhphost: aidancallaghan@donegaletb.ie

An raibh a fhios agat go dtig leat tosú ar chúrsa lánaimseartha Ógtheagmhála agus íocaíocht a fháil as freastal ar ranganna?

Tacaíochtaí don Chlár Cumasóige

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ar ár gClár Cumasóige