Preasráiteas maidir le COVID-19 ó na hEagraíochtaí Bainistíochta, ACCS, BOOÉ & JMB

Tá na heagraíochtaí bainistíochta, a fheidhmíonn ar son na hiarbhunscoileanna uile sa Stát, i ndiaidh cumarsáide lena scoileanna, ag iarraidh orthu an teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó Uiginn, maidir le tábhacht an scaraidh sóisialta a chur faoi bhráid gach tuismitheoir agus gach scoláire. Tá Uachtarán Ó Uiginn ag gríosú le daoine óga aird a thabhairt ar chomhairle Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le coinneáil amach ó dhaoine eile chun forleathadh an víris COVID-19 a mhoilliú. Tá Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha (ACCS), Boird Oideachais & Oiliúna (BOOÉ) agus Comhchoiste na mBainisteoirí (JMB) ag obair le chéile le cinntiú go scaipfear na teachtaireachtaí ar gach scoláire. Atreisíonn sé seo go mór comhairle an Taoisigh, Leo Varadkar, airí rialtas eile agus oifigí sláinte maidir le treoracha a bhaineann le scaradh sóisialta agus aird a thabhairt ar chomhairle an FSS in aimsir na géarchéime náisiúnta seo.

Meabhraítear do scoláirí go bhfuil freagracht orainn go léir as an iarracht náisiúnta seo chun forleathadh an víris a mhoilliú. Tá scoileanna dúnta faoi láthair chun forleathadh an víris a sheachaint. Trí grúpaí sóisialta a sheachaint agus gan teacht le chéile, beidh gach scoláire ag cabhrú leis an bhfeachtas náisiúnta seo.

Aithníonn na heagraíochtaí bainistíochta an obair agus na modheolaíochtaí nuálacha atá idir lámha ag ceannairí scoile agus múinteoirí sna scoileanna chun leanúnachas sa teagasc agus san fhoghlaim a chur chun cinn dá scoláirí. Gabhann siad buíochas leis na scoláirí agus leis na tuismitheoirí as dul i ngleic leis an bpróiseas seo sa tréimhse dúshlánach seo. Moltar go mór go gcoinneofar an nasc idir saol na scoile agus an scoláire chomh fada agus is féidir.