Áisitheoir Oideachais Pobail Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Tá Orla Winters ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar an Áisitheoir Oideachais Pobail úr ina Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) le freastal ar an Ghaeltacht, ar Iarthar agus ar Dheisceart Dhún na nGall. Leanfaidh a comhghleacaí, Catherine Friel, ar aghaidh ina post mar Áisitheoir Oideachais Pobail agus í ag freastal ar Inis Eoghain, ar Dheisceart agus ar Oirthear Dhún na nGall.

Tacaíonn an Clár Oideachais Pobail le cúrsaí oideachais a chur ar fáil do dhaoine fásta sa phobal trí mhaoiniú a thabhairt le haghaidh costais teagaisc agus tacaíocht maidir le cúrsaí a chur ar bun. Tá sé mar aidhm ag an chlár daoine fásta, nach bhfuil móran cáilíochtaí ná cáilíochtaí ar bith acu, a spreagadh le páirt a ghlacadh i ngíomhaíochtaí oideachais le cur lena gcuid muiníne mar dhaoine aonair agus le cuidiú le forbairt a bpobail.  Glacann tuairim is 4,000 duine fásta páirt i gcúrsaí oideachais pobail ar fud an chontae gach bliain.

Is as Béal Átha Seanaidh ó dhúchas di Orla agus d’fhreastail sí ar Mheánscoil an Chroí Ró-Naofa sula ndeachaigh sí ar aghaidh chuig Coláiste Naomh Pádraig, Maigh Nuad, áit ar bhain sí BA (Onóracha) agus M.A. i Stair na hÉireann amach. Thosaigh Orla ag obair le ETB Dhún na nGall sa bhliain 2006 mar Theagascóir Litearthachta d’Aosaigh. Tá réimse cúrsaí seachadta agus forbartha aici ag leibhéil éagsúla QQI ar fud an chontae ó shin.

Agus í ag caint faoina ceapachán, dúirt Orla, “Tá mé iontach sásta a bheith ag cur tús leis an ról úr seo le ETB Dhún na nGall.  De thairbhe go bhfuil mé ag obair sa tSeirbhís Breisoideachais le níos mó ná cúig bliana déag, tuigim cé chomh tábhachtach agus atá sé réimse eispéireas oideachais, chomh leathan agus is féidir, a chur ar fáil go háitiúil. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le grúpaí pobail áitiúla agus le heagraíochtaí deonacha agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta agus ar fud Iarthar agus Dheisceart Dhún na nGall.”

Agus í ag tréaslú a ceapacháin le Orla, dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Orla as a ceapachán. Tá sí ag tabhairt an-chuid taithí léi chuig an phost agus tá mé breá muiníneach go gcuirfidh sí go mór le forbairt an oideachais pobail ar fud an chontae.

Thosaigh Orla a cuid oidre roinnt seachtainí ó shin.

Is féidir breis eolais ar Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall a fháil ar a láithreán gréasáin (https://www.donegaletb.ie/ga/feature/clair/oideachas-pobail/).

Áisitheoir Oideachais Pobail Úrcheaptha Orla Winters.