Réamheolaire FET 2021-2022 foilsithe ag ETB Dhún na nGall

D’fhoilsigh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a Réamheolaire FET úr don bhliain acadúil atá le teacht, 2021-2022; tá eolas le fáil ann faoi cheithre chúrsa lánaimseartha spreagúla úra a bheidh ag tosú i mí Mheán Fómhair.

Tá eolas mionsonraithe sa Réamheolaire ar níos mó ná 120 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i raon éagsúil réimsí ó Leibhéil 1-6 lena n-áirítear riarachán, gnó agus airgeadas; ealaín, ceardaíocht agus dearadh; tógáil agus an timpeallacht thógtha; cúrsaí do dhaoine faoi mhíchumas; cúram do chustaiméirí; cúram agus oideachas luath-óige, innealtóireacht agus déantúsaíocht; rannpháirtíocht fiontraíochta; foghlaim theaghlaigh; foghlaim ghinearálta; gruaig agus áilleacht; cúram sláinte agus sóisialta; gairneoireacht; TF agus ríomhaireacht; teangacha; Ardteistiméireacht do dhaoine fásta; cláir ghairmiúla; spóirt, áineas agus folláine; turasóireacht agus fáilteachas; iompar agus lóistíocht; tréidliacht agus an clár Cumasóige do luathfhágálaithe scoile. Tá eolas ann fosta faoin dóigh le cáilíochtaí a fháil fríd an phróiseas Aitheantais Réamhfhoghlama agus faoi na tacaíochtaí atá ar fáil do lucht ghnó.

Forbraíodh ceithre chúrsa lánaimseartha úra fosta i gCúram Ainmhithe, Fíodóireacht Dhún na nGall, Suiteáil Córas Cumarsáide agus Pleanálaí Líonra agus tá iarratais á nglacadh anois do na cúrsaí sin, agus 120+ cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fud an chontae, tríd an aimsitheoir cúrsa ar shuíomh gréasáin an ETB (https://www.donegaletb.ie/further-education-training/course-finder/ ).

Is é atá sa chúrsa Cúram Ainmhithe ná cúrsa bliana QQI Leibhéal Iar-Ardteistiméireachta (PLC) i Leitir Ceanainn (Coláiste an Earagail) a bhfuil sé mar aidhm aige oiliúint a chur ar fáil dóibh siúd ar spéis leo oibriú le hainmhithe. Ullmhaíonn na hocht modúl lena n-áirítear Grúmaeireacht Ainmhithe, Leas Ainmhithe, Anatamaíocht  agus Fiseolaíocht Ainmhithe, Riarachán Gnó agus Taithí Oibre, mic léinn a ullmhú chun a ngnó féin a bhunú, oibriú i dtimpeallacht cúraim ainmhithe nó le dul ar aghaidh go díreach chuig ardoideachas. Tá an ráta dul chun cinn is airde ag ETB Dhún na nGall go dtí an tríú leibhéal dá mhic léinn PLC as gach soláthraí PLC sa tír.

Is iad na trí chúrsa úra eile, Fíodóireacht Dhún na nGall, Suiteáil Córas Cumarsáide agus Pleanálaí Líonra ná cúrsaí oiliúna daichead seachtain, a dearadh i gcomhar leis an tionscal, le mic léinn a ullmhú le haghaidh iontráil dhíreach ar an mhargadh fostaíochta ar chríochnú dóibh agus iad ag comhcheangal oiliúint faoi threoir lasmuigh den láthair oibre i seomra ranga le hoiliúint ar an láthair oibre i gcomhlacht óstach.

Forbraíodh an cúrsa Fíodóireacht Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le go leor de phríomhchomhlachtaí fíodóireachta an chontae mar fhreagairt ar ghanntanas fíodóirí atá oilte i stíl fíodóireachta Dhún na nGall. Tá an cúrsa creidiúnaithe ag Údarás Cáilíochta na hAlban. Beidh an cúrsa á reáchtáil i gCill Charthaigh agus tabharfaidh sé deis do na rannpháirtithe na scileanna cuí a fhoghlaim atá de dhíth le hobair sa tsainearnáil sin agus cur le caomhnú na ceirde oidhreachta sin.

Forbraíodh an cúrsa oiliúna i Suiteáil Córas Cumarsáide le freastal ar riachtanais thionscal na gcáblaí cumarsáide laistigh den earnáil teicneolaíochtaí cumarsáide, agus cuirfidh an cúrsa oiliúna Pleanálaí Líonra oiliúint ar iarratasóirí leis an eolas, na scileanna agus an inniúlacht a fhoghlaim atá de dhíth le hobair sa tionscal Pleanálaí Líonra. Tá fás ollmhór tagtha ar an dá earnáil le blianta beaga anuas agus forbraíodh na cúrsaí oiliúna sin i gcomhar leis an mhórchomhlacht teileachumarsáide KN Circet. Beidh na cúrsaí sin á reáchtáil i Leitir Ceanainn.

Ag labhairt di faoi fhoilsiú an Réamheolaire, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Is é misean ETB Dhún na nGall ‘oideachas agus oiliúint inrochtana agus uilechuimsitheach a chur chun cinn, a sholáthar agus tacú leis, rud a chuidíonn le daoine óga agus daoine fásta iad féin a chumhachtú lena lánacmhainneacht a bhaint amach i dtimpeallacht shábháilte chomhbhách’:  soláthraíonn ár Seirbhís FET réimse éagsúil cúrsaí Leibhéil 1-6 NFQ atá iomlán deimhnithe i ngach cearn den chontae leis an mhisean sin a fhíorú agus tá an-áthas orm iad seo go léir a fheiceáil foilsithe le chéile sa Réamheolaire úr. Tá rud éigin ann do gach duine agus in 2020 bhain beagnach 9,000 duine ar fud an chontae leas as ár gcúrsaí FET agus mar sin tá muid ag súil le fáilte a chur roimh níos mó mac léinn úr chuig ár gcúrsaí an Fómhar seo agus an bhliain seo chugainn.”

Beidh imeacht ar líne ‘Coicís FET’ ar siúl ón 23 Lúnasa agus taispeánfar físeáin gach oíche ar chuntas YouTube an ETB ag 8.00in ag clúdach na réimsí foghlama is mó éileamh chomh maith le deiseanna le bualadh lena bhfoireann Treorach agus Earcaíochta d’Aosaigh. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar a rannán Facebook Events, cuntais meán sóisialta eile (Twitter, Instagram agus LinkedIn) agus ar a shuíomh gréasáin (www.donegaletb.ie ).

Is féidir Réamheolaire an ETB a fheiceáil anois ar a shuíomh gréasáin sa rannán Foilseacháin agus Acmhainní nó téigh i dteagmháil le Seirbhís Treorach d’Aosaigh an ETB trí ríomhphost a sheoladh chuig  adultguidance@donegaletb.ie  nó cuir glaoch ar 074 9178088 le tuilleadh eolais a fháil.

Réamheolaire FET 2021-2022 ETB Dhún na nGall.