Seirbhís Treorach d’Aosaigh Oscailte don Phobal arís ón 1 Márta

Foireann Sheirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Beidh an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh de chuid Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall oscailte don phobal arís i Leitir Ceanainn agus i mBaile Dhún na nGall ón 1 Márta.

Bhí an tseirbhís á reáchtáil ar líne ar feadh an dá bhliain seo caite de bharr na paindéime agus tá Treoirchomhairleoirí ag súil go mór le bualadh le daoine arís aghaidh ar aghaidh.

Cuireann an tSeirbhís eolas, comhairle, treoir agus comhairliúchán neamhchlaonta agus rúnda ar fail d’aosaigh maidir leis na roghanna oideachais atá ar fáil laistigh d’ETB Dhún na nGall agus le soláthraithe oideachais eile.

Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís tacú le haosaigh chun na cinntí cearta a dhéanamh maidir le filleadh ar an oideachas agus oiliúint agus cuidiú leo na cinntí sin a dhéanamh laistigh de chomhthéacs a saoil ina iomláine.

Agus í ag caint faoin athoscailt, dúirt Comhordaitheoir na Seirbhíse, Deirdre McColgan, “I ndiaidh dhá bhliain dúinn an tseirbhís a chur ar fáil go cianda agus ar an ghuthán, tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh chliaint inár gcuid oifigí arís i Leitir Ceanainn agus i mBaile Dhún na nGall le bualadh lenár dTreoirchomhairleoirí. Leanfaidh muid orainn ag tairiscint roghanna cianda do chliaint ar fearr leo teagmháil a dhéanamh linn ar líne nó ar an ghuthán, ach tá muid ar bís le tús a chur lenár gcruinnithe aghaidh ar aghaidh agus seirbhís eolais siúil isteach arís i Leitir Ceanainn. Buail isteach agus labhair lenár nOifigeach Eolais Samantha i Leitir Ceanainn le fáil amach cén dóigh ar féidir linn tacú leat le heolas, comhairle agus treoir neamhchlaonta maidir le roghanna oideachais agus oiliúna i nDún na nGall, i réigiún an Iarthuaiscirt agus níos faide i gcéin.

Baineann tuairim is 1,500 duine fásta agus duine óg leas as an tseirbhís gach bliain, lena n-áirítear Una and Karl; chaill Úna a post ag tús na paindéime agus chuidigh an tSeirbhís léi filleadh ar an oideachas, fad is gur chuidigh an tSeirbhís le Karl post a fháil trí fheabhas a chur ar a scileanna agallóireachta.

Más mian leat coinne a dhéanamh le bualadh le treoirchomhairleoir cuir scairt ar 074 9178088 nó comhlánaigh an fhoirm ghréasáin ghairid seo agus beidh siad i dteagmháil leat: https://www.donegaletb.ie/further-education-training/adult-guidance/.