Lá Oscailte Ionad FET Leitir Ceanainn

Students and teacher
Daltai.

Reáchtálfaidh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall lá oscailte Dé Céadaoin seo chugainn, 11 Bealtaine san Ionad FET is úire dá cuid ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn.

Bhíodh an t-ionad FET lonnaithe in Oifigí Riaracháin an ETB roimhe seo ag Ard Uí Dhomhnaill agus ansin ar an Bhóthar Ard, ach bogadh chuig an suíomh úr seo ar Bhóthar an Phoirt Leitir Ceanainn é ionas gur féidir áiseanna níos fairsinge a chur ar fáil. Rinneadh athchóiriú suntasach ar an fhoirgneamh le háiseanna teagaisc aus foghlama den chineál is nua-aimseartha a chruthú.

Tá dhá urlár san ionad úr agus beifear ábalta réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha a dhéanamh i dTeicneolaíocht Faisnéise/Scileanna Microsoft Office, Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige, Cúram Sláinte agus An Clár Ardteistiméireachta do Dhaoine Fásta. Beifear ábalta teastais a bhaint amach ó réimse foras cáiliúcháin mar atá: QQI, Microsoft, City & Guilds mar aon le Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Tá gach cúrsa ag Leibhéal 5 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Image of a man, Charles Gorney
Oifigeach Oideachais d’Aosaigh agus Bainisteoir an Ionaid, Charles Gorney.

Dúirt Oifigeach Oideachais d’Aosaigh agus Bainisteoir an Ionaid, Charles Gorney, “Tá muid an-sásta leis an dóigh a bhfuil ár n-ionad FET ag amharc agus tá muid ag súil go mór leis an phobal a thabhairt thart air lena fheiceáil. Tá na háiseanna ar an chineál is nua-aimseartha le haon seomra ranga dhéag, dhá ríomhlann, ionad fáiltithe mór atá breá geal agus ceaintín do mhic léinn. Mholfainn do dhuine ar bith a bheidh sa cheantar Dé Céadaoin, 11 Bealtaine bualadh isteach le haghaidh cupán tae agus soláistí agus beidh lúcháir orainn tú a threorú thart ar an fhoirgneamh agus eolas a thabhairt duit faoinár gcúrsaí.”

Tá Ionad FET Leitir Ceanainn ar Bhóthar an Phoirt ar cheann d’ocht sainionad FET déag atá á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall ar fud an chontae; tá ceithre cinn acu i Leitir Ceanainn.

Beidh an lá oscailte ar siúl ó 11.00am go dtí 3.00pm agus beidh John Breslin ó Highland Radio ag craoladh a chláir ‘Around the North West’ ón ionad ar an lá.