Ionad FET Bhéal Átha Seanaidh

Tá an tIonad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i mBéal Átha Seanaidh lonnaithe ar Shráid an Choláiste. Tagann foghlaimeoirí ó Bhéal Átha Seanaidh agus ó cheantair máguaird den chuid is mó. Cuireann an t-ionad réimse cúrsaí ar fáil ó Leibhéal 1-5 d’fhoghlaimeoirí ó Bhéal Átha Seanaidh agus ó cheantair máguaird i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.

Tá formhór na gcúrsaí creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) nó ag comhlachtaí creidiúnúcháin eile, macasamhail City & Guilds agus tá na cáilíochtaí uilig dírithe ar thionscal ar leith. Tig le foghlaimeoirí tosú ag leibhéal a aithníonn a scileanna reatha agus tig leo leas a bhaint as an bhealach dul chun cinn is fearr a oireann dóibh.

Cuirtear réimse clár ar fáil san ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos:

Cláir atá ar fáil

  • Litearthacht d’Aosaigh 
  • An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)
  • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)
  • Cumasóige

GRIANGHRAIF Ó IONAD FET BHÉAL ÁTHA SEANAIDH

FÍSEÁN Ó CHUMASÓIGE BHÉAL ÁTHA SEANAIDH

Sonraí Teagmhála

Ionad FET Bhaile Átha Seanaidh
Sráid an Choláiste
Baile Átha Seanaidh
Co. Dhún na nGall
F94 DN30

Guthán: 071 985 1276

Bainisteoir Ionad FET: Pernille Burns
Ríomhphost: pernilleburns@donegaletb.ie 

Riarthóir : Stella Daly
Ríomhphost:adminballyshannon@donegaletb.ie

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.