Céimeanna Treasacha le ETB Dhún na nGall

Tá bealaí rochtana le haghaidh chúrsaí céime i nDún na nGall ar fáil trí Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall:

Bealach Rochtana Treasach ar Bhaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Altranas Ghinearálta (NFQ Leibhéal 5)

COURSE INFO

Is bealach rochtana ar leith é sin ar chéim onóracha BSc san Altranas Ghinearálta le OTA ar fud trí ETB – má éiríonn leat an cúrsa QQI Leibhéal 5 sin a chríochnú agus na riachtanais acadúla ar fad laistigh de a shásamh, rachaidh tú isteach go huathoibríoch i mBliain 1 den BSc san Altranas Ghinearálta le OTA ar cheann dá cuid campas: Caisleán an Bharraigh, San Aingeal, Sligeach nó Leitir Ceanainn. Más rud é nach féidir le mac léinn dul ar aghaidh chuig OTA le haghaidh staidéar fochéime tairgfear Teastas Leibhéal 5 QQI dó/di le haghaidh mórdhámhachtana nó comhdhámhachtana. Ní bheidh aon rogha iarchurtha ann ar chríochnú na chéad bhliana mar gur gá glacadh le háit in OTA sa bhliain ina dtugtar an tairiscint. Beidh líon na n-áiteanna ar an chúrsa sin teoranta d’fhiche.

Seachadfar an chéad bhliain den chúrsa sin in Ionad FET Leitir Ceanainn ar Bhóthar na Páirce Gnó.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR LÍNE

Murab ionann agus cúrsaí céime eile, ní gá d’iarratasóirí fanacht le pointí CAO; is féidir leo iarratas a chur isteach go díreach. Tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí gearrliostaithe agus beidh orthu fianaise a thaispeáint dá gcáilitheacht bunaithe ar an eolas a cuireadh ar fáil sa phróiseas iarratais. Tá an chéad bhliain de na céimeanna seo saor in aisce le ETB Dhún na nGall agus tá tú i dteideal iarratas a chur isteach le haghaidh deontas de chuid SUSI (https://www.susi.ie/)

Tá an fhorbairt chomhoibríoch seo idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma agus ETB na Gaillimhe agus Ros Comáin ag tarlú mar gheall ar iarratas ón rialtas dámhachtain ilchampais a fhorbairt a chomhtháthaíonn seachadadh an ardoideachais san earnáil FET le rannpháirtíocht a leathnú chuig daoine aonair agus chuig pobail a mheasann nach bhfuil oideachas tríú leibhéal ina rogha inmharthana nó réalaíoch dóibh. Méadaíonn sé líon na suíomhanna ar fud an réigiúin inar féidir le mic léinn tús a chur lena gcuid staidéir, cuireann sé leis an tsolúbthacht trí roinnt clár a chur ar fáil agus leathnaíonn sé cúrsaí rochtana trí riachtanais iontrála níos solúbtha a thabhairt isteach.

5 i.n. 6 Lúnasa, 2026 is ea an sprioc-am d’iarratais thosaigh do na cláir threasacha. Cuirfear iarratais mhalla san áireamh i gcás go mbeidh áiteanna fós ar fáil i ndiaidh dúinn na hiarratasóirí incháilithe uilig a mheas. Tabhair cuairt ar an rannán ‘Cuir Iarratas Isteach Anois’ le níos mó eolais a fháil faoin dóigh le hiarratas a chur isteach.

Sonraí Teagmhála

Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh
Guthán: 074 91 78088
Ríomhphost: adultguidance@donegaletb.ie

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Elaine maidir le Céime Treasacha.

Léigh scéal Michelle maidir le Céime Treasacha.