Tugann Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, Cuairt ar Scoileanna Oileáin Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall

Students explaining projct work to two adults.
Group of people
Daltaí Choláiste Phobail Cholmcille (Oileán Thoraí) le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly.

Mar chuid dá cuairt trí lá ar Dhún na nGall an tseachtain seo, thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, cuairt ar roinnt scoileanna oileáin, lena n-áirítear Gairmscoil Mhic Diarmada ar oileán Árainn Mhór agus Coláiste Phobail Cholmcille ar oileán Thoraí, atá faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Chaith an tUachtarán am ag bualadh leis na daltaí agus ag caint leo faoi réimse leathan tionscadal, éachtaí agus tionscnamh atá ar siúl sna scoileanna.

Rinneadh ceiliúradh le linn an dá chuairt ar chultúr, oidhreacht agus éagsúlacht mhéadaitheach na n-oileán agus a bpobal scoile agus cothú na Gaeilge ann.

Le linn turais ar Ghairmscoil Mhic Diarmada Dé Céadaoin, bhí deis ag na scoláirí insint don Uachtarán faoina gcuid iarrachtaí éagsúla, lena n-áirítear nithe a bhain siad ag an Fhéile Scannán, Rubbish Film Festival agus ag Lá Fiontraíochta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall do scoileanna, a gcuid tionscadal BT Young Scientist, obair mar ambasadóirí scoláirí ar Chomhairle Óige Dhún na nGall, a gcuid tionscadal ATLIC ina ndéantar iniúchadh ar an nGeilleagar Gorm agus forbairt ghairdín inbhuanaithe/bithéagsúlachta na scoile.

Bhuail an tUachtarán le daltaí agus le baill foirne ó dhá bhunscoil an oileáin, Scoil Athpoirt agus Scoil na Léibe, a raibh Gairmscoil Mhic Diarmada mar óstach acu.

Student standing at a podium, speakign to a group of people.
Dalta de chuid Ghairmscoil Mhic Diarmada. Raonaid Ní Ghallachóir agus í ag ceol “Uaigh Cois na Trá”.

Rinne Raonaid Ní Ghallachóir, dalta i nGairmscoil Mhic Diarmada student “Uaigh Cois na Trá” a cheol, amhrán áitiúil le Peadar Mac Suibhne, duine de mhuintir an oileáin, a d’fhoghlaim sí óna seanmháthair, Anna Uí Ghallchóir.

Ansin tháinig scoláirí ó na trí scoil ar Oileán Árainn Mhór le chéile chun an dán nuachumtha ag an múinteoir an Mháistreas Máire Nic Cathmhaoil, “Labharann an tOileán”, le déanaí a aithris i nGaeilge agus ansin i mBéarla, i mBeangálais, Krio, Úcráinis agus Araibis agus ar ais ar an Ghaeilge ansin.

Tháinig deireadh leis an gcuairt le tae agus sólaistí agus deis faoi choinne comhrá níos neamhfhoirmiúla le daltaí, leis an fhoireann agus le haíonna ar tugadh cuireadh dóibh, agus ceol sa chúlra á chasadh ag grúpa ceoil na scoláirí sa scoil.

Thug Príomhoide Ghairmscoil Mhic Diarmada, Derval Newman ar aird gur ócáid iontach speisialta a bhí ann ar fad do na trí scoil agus do phobal Árainn Mhóir i gcoitinne. Dúirt sí, “Mar Phríomhoide, bhí an lá inniu ar cheann de na laethanta sin nuair a sheasann tú siar agus a bhíonn tú iontach bródúil ar fad as do scoil. Bhí an-bhród orainn fáilte a chur roimh an Uachtarán chuig Gairmscoil Mhic Diarmada agus an deis a bheith againn ár scoláirí, ár scoil agus ár n-oileán a chur ar taispeáint. Bhí sé speisialta amach is amach ár scoláirí a fheiceáil ag caint go muiníneach faoina gcuid tionscadal agus éachtaí, agus ag roinnt a gcuid ceoil, teangacha agus cultúir.”

Students presenting a painting to a woman (the President of Ireland) with another adult (school Principal) included.
at the visit of Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly to Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór Island. Photo – Clive Wasson

“Bhí an tUachtarán chomh flaithiúil lena cuid ama agus léirigh sí fíor-shuim i ngach rud a bhí le rá ag ár muintir óg. Tá an-bhród orm as ár gcuid daltaí agus as ár bhfoireann, agus tá mé iontach buíoch de gach duine inár dtrí scoil oileáin a d’oibrigh le chéile chun an lá inniu a dhéanamh chomh speisialta sin. I dtaca lenár muintir óg, is cuimhní cinn iad seo a mhairfidh ar feadh an tsaoil — cuimhneoidh siad i gcónaí ar an lá a tháinig Uachtarán na hÉireann ar cuairt ar a scoil.”

Five people standing side by side
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Comhairleoir Fionán Bradley, an tUachtarán Catherine Connolly, fear céile an Uachtaráin, Brian McEnery, agus Príomhoide Ghairmscoil Mhic Diarmada, Derval Newman.

Bhí Cathaoirleach nuathofa Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, An Comhairleoir Fionán Bradley, i láthair fosta chomh maith leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh. Dúirt sé, “Ba mhór an onóir dom fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, chuig Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór ar maidin. Ba é seo mo chéad imeacht oifigiúil mar Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall. Ar an dea-uair, bhí an aimsir go maith, agus bhain an tUachtarán an-sult as a cuairt ar an Oileán agus ar an Chontae.”

Le linn a turais ar oileán Thoraí Déardaoin, bhuail sí le daltaí agus le baill foirne Choláiste Phobail Cholmcille fosta, nuair a chaith sí tamall ag caint leis na daltaí agus leis an fhoireann faoin saol ar scoil oileáin.

Ina measc sin bhí daltaí a bhí le feiceáil, níos luaithe an tseachtain seo, ar chlár faisnéise TG4, Trasna na dTonnta, inar tugadh cuairt ar theaghlaigh a bhí ag tógáil a saol as an nua i bhfad ón bhaile.

Thaispeáin na daltaí a saothar ceardaíochta agus a saothar ealaíne don Uachtarán agus sheinn siad roinnt ceol traidisiúnta ceilí de bhunadh oileán Thoraí di.

Two people with a painting
Príomhoide Choláiste Phobail Cholmcille (Oileán Thoraí), Patrick Queenan agus é ag tabhairt bronntanais do Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly.

Ag labhairt dó faoina cuairt, dúirt, an Príomhoide, Patrick Queenan, “Is ollmhór an onóir dúinn é gur roghnaigh an tUachtarán Connolly cuairt a thabhairt ar ár scoil mar chuid dá cuairt ar Dhún na nGall. Thug sé deis don scoil an ról tábhachtach atá aici maidir le cultúr agus traidisiúin uathúla an oileáin a chaomhnú a thaispeáint.”

“Leis an chuairt a thabhairt chun críche, tugadh cóip de leabhar paidreacha agus machnaimh an Oileáin don Uachtarán. Ba í an scoil a chuir an leabhar (as Gaeilge) le chéile agus is bailiúchán é de shean-urnaithe agus machnaimh uathúla as Gaeilge a d’úsáid agus a chuir muintir an oileáin ar aghaidh ó ghlúin go glúin leis na cianta. Tá go leor samplaí ann de sheanfhocail Ghaeilge nach mbíonn in úsáid go coitianta in áiteanna eile agus i bhfianaise a grá don Ghaeilge tá súil ag pobal ár scoile go mbainfidh an tUachtarán Connolly sult as,” a dúirt sé mar fhocal scoir.

Bhí Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus lucht bainistíochta na scoile buíoch don Uachtarán Connolly as an am a ghlacadh chun cuairt a thabhairt ar na hoileáin agus aird a tharraingt ar an saol ar na hoileáin.

Students explaining projct work to two adults.
Daltaí ó Ghairmscoil Mhic Diarmada, Jamie Gaughan, Margaret Byrne McHugh, Oran Murphy, Sarah Pruter agus iad ag míniú faoi obair a dtionscadail don Uachtarán, dá fear céile agus do Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh.