Toghadh an Clr Terry Crossan ina Chathaoirleach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall ar an Luan 08 Meán Fómhair. Toghadh an Clr Declan Meehan ina Leaschathaoirleach.
Tagann siad in áit an Chathaoirligh atá ag imeacht as oifig, an Clr Donal Coyle, agus an Leaschathaoirligh atá ag imeacht as oifig, Patsy McVicar.
Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Mar aon lena Sheirbhís fhairsing Oideachais agus Oiliúna (FET), tagann cúig cinn déag de na seacht scoil iar-bhunscoile is fiche i gContae Dhún na nGall faoi phátrúnacht ETB Dhún na nGall agus is comhphátrún/iontaobhaí é d’ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheacha bhreise.
Cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ina ionad i nGartán, chomh maith le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air as obair óige.
In 2024 bhain breis agus 34,000 scoláire leas as oideachas agus oiliúint le ETB Dhún na nGall.
Ag labhairt dó faoina thoghadh mar Chathaoirleach, dúirt an Clr Terry Crossan, “Is mór an onóir dom a bheith tofa i mo Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall inniu. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Clr Donal Coyle as an obair iontach a rinne sé le linn a thréimhse oifige. Tá súil agam go mbeidh mé in ann ionadaíocht a dhéanamh ar an ETB chomh maith agus is féidir liom san am atá le téacht.”
Tá i mBord ETB Dhún na nGall dháréag ionadaí tofa, beirt bhaill foirne, beirt thuismitheoirí, beirt ionadaithe ó thionscal áitiúil agus triúr ionadaí leasa earnála.
I measc na n-ionadaithe tofa eile tá an Clr Ciaran Brogan, Clr Fionán Bradley, Clr Albert Doherty, Clr Donal Coyle, Clr Brian Carr, Clr Martin Farren, Clr Martin Harley, Clr Michael McBride, Clr Pauric McGarvey agus Clr Tomás Seán Devine.
Is iad Joanne Donaghy agus Kyle Clarke ionadaithe na foirne, agus is iad Geoffrey Browne agus Lorraine Doherty ionadaithe na dtuismitheoirí.
Tá na cúig áit eile líonta ag Lorraine Thompson (Seirbhís Óige Dhún na nGall) a dhéanann ionadaíocht d’Obair d’Ógra Éireann, Patsy McVicar a dhéanann ionadaíocht do Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí (NAPD) / Cumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheacha (ACCS), Stephen McCahill a dhéanann ionadaíocht d’Institiúid na gCeantálaithe agus Luachálaithe Gairmiúla (IPAV), an Dr Joanne Gallagher a dhéanann ionadaíocht don Chumann Ardoideachais Teicneolaíochta (THEA) agus Edel Ní Chorráin a dhéanann ionadaíocht d’Fhoras na Gaeilge.
Ag labhairt di faoi na ceapacháin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Clr Terry Crossan agus leis an Clr Declan Meehan as a dtoghadh mar Chathaoirleach agus Leaschathaoirleach ar ETB Dhún na nGall. Is iontach an rud é beirt chomhghleacaithe a bheith againn a bhfuil taithí agus eolas chomh fairsing sin acu ar ár n-eagraíocht agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leo chun go dtig linn an bhliain dheireanach dár Ráiteas Straitéise a chur i gcrích. Tá rannchuidiú gach ball den Bhord, le bainistíocht obair ETB Dhún na nGall, lárnach dár seachadadh seirbhíse oideachais agus oiliúna ardchaighdeáin atá dírithe ar an fhoghlaimeoir. Tá a dtreoir agus a dtacaíocht an-luachmhar ag an Fheidhmeannas.”
Suífidh an Bord reatha don chéad cheithre bliana eile.