Áthas go bhFuil Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall do Scoileanna Ar Ais

Enterprise Day Asset

Enterprise Day Asset

Tá Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall do dhaltaí iar-bhunscoile ó gach cearn den chontae ar ais Dé Céadaoin an 22 Deireadh Fómhair, i ndiaidh sos cúig bliana, agus tá fáilte roimhe.

Is é aidhm an lae, a bheidh ar siúl ar champas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Leitir Ceanainn, coincheap na fiontraíochta a chur os comhair daoine óga, ar bhealach spraíúil, le tacaíocht ó fhiontraithe agus ó dhaoine gnó ó gach cearn de Chontae Dhún na nGall.

Tá chóir a bheith dhá chéad caoga dalta ó sheacht scoil déag ar fud an chontae cláraithe le bheith páirteach.

Is é Marty O’Reilly, úinéir O’Reilly Sports i mBealach Féich, an t-aoichainteoir ag an ócáid.

Iar-imreoir peile ó Dhún na nGall is ea é a bhí ina bhall de phainéal Pheil Sinsear Dhún na nGall a bhain Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil in 2012 i gcoinne Mhaigh Eo, agus tá sé ina fhiontraí anois a bhfuil neart taithí fiontraíochta agus leideanna aige le roinnt leis na daoine óga a bheidh páirteach san imeacht. Tá a shiopa spóirt féin aige anois i mBealach Féich.

Mar chuid den lá, forbraíonn gach foireann táirge, ó ábhair a chuirtear ar fáil dóibh, agus déantar moltóireacht orthu i suíomh amhail Dragon’s Den. Áirítear leis sin a dtáirge a chur i láthair painéil de bhreithiúna gnó. Tugtar meantóir gnó agus mac léinn staidéir gnó de chuid OTA do na foirne chun iad a threorú i rith an lae. Labhróidh Marty leo faoi rath agus teip san fhiontraíocht.

Mar chuid den lá, a bheidh faoi threoir Lee Gooch ó Highland Radio, beidh gníomhaíochtaí spraíúla, bristeoirí oighir agus cluichí neartaithe foirne le baill foirne ó Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartán de chuid ETB Dhún na nGall fosta.

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá áthas orainn gur aontaigh Marty labhairt ag ár Lá Fiontraíochta i mbliana. Tá sé ar dóigh go bhfuil ceann de phríomhimeachtaí ETB Dhún na nGall do dhaltaí ar fud an chontae ar siúl arís, chun príomhscil na fiontraíochta a spreagadh ar bhealach cruthaitheach agus spraíúil. Is mór againn gur thug Marty agus a lán fiontraithe agus daoine gnó eile a gcuid ama ar an lá chun tacú leis na daoine óga.”

I measc na mbuaiteoirí roimhe seo bhí Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn (2019), Gairmscoil Chaitríona sna Cealla Beaga (2018), Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir (2017), Pobalscoil Charn Domhnaigh (2016), agus Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth (2015 agus 2014).

I measc na bpríomhchainteoirí roimhe seo bhí Seamus McDaid, McDaid’s Football Special (2019), Nicola McLaughlin, Sequin Cinderella (2018), Stephen McGuire Donegal Daily agus Katie McGloin, KT Clothing (2017), Gerard Grant, Tata Consultancy Services, an fiontraí Jenni Timony agus Ian Harkin, Lottie Dolls (2016), Billie Dixon. Image Consultant (2014) agus Paul McNulty, 3D Issue (2013).

Chun blaiseadh den lá a fháil, amharc ar Lá Fiontraíochta 2018 de chuid ETB Dhún na nGall anseo.

Coinnigh súil ar chuntais meán sóisialta ETB Dhún na nGall (Instagram, Facebook, X/Twitter agus LinkedIn) le haghaidh nuashonruithe i rith an lae agus lean an haischlib #ETBEnterprise25.

Group of people
Is iad baill de choiste eagraithe Lá Fiontraíochta 2025 de chuid ETB Dhún na nGall (sa chéad líne ó chlé go deas): an Dr Sandra Buchanan, Príomhoifigeach Cumarsáide, ETB Dhún na nGall; Evan Gorrell, múinteoir Gnó agus Eolaíochta Ríomhaireachta, Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn; Karen Stewart, múinteoir Gnó agus Matamaitice, Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach; Fiona Temple, Príomhoide, Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach; Nuala McCool, múinteoir Staidéir Gnó, Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, agus Danny McFadden, Príomhoide, Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn agus (sa líne chúil ó chlé go deas): Jack Burke, Intéirneach Margaíochta, OTA; Maria Clarke, múinteoir Staidéir Gnó, Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir; Victoria Wilson, Oifigeach Rannpháirtíochta Scoileanna, OTA agus Rosaleen Harkin, Comhordaitheoir REALT, ETB Dhún na nGall. As láthair ón ghrianghraf, an Dr Isobel Cunningham, Léachtóir Fiontraíochta agus Nuálaíochta, OTA.