Iarrann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar Thuismitheoirí Páirt a Ghlacadh i Suirbhé Bunscoileanna 2030 agus a dTuairimí a Chur in Iúl faoi Thodhchaí an Bhunoideachais

Primary school survey imagery - survey name, a bee, crayons and Department of Education and Youth Logo.

Primary school survey imagery - survey name, a bee, crayons and Department of Education and Youth Logo.

Tá fáilte curtha ag Bord Oideachais agus Óiliúna (ETB) Dhún na nGall roimh chinneadh na Roinne Oideachais agus Óige suirbhé a dhéanamh ar gach tuismitheoir ar fud na tíre a bhfuil páistí acu 0-12 bhliain d’aois. Tá sé mar aidhm ag an suirbhé, https://www.gov.ie/en/department-of-education/campaigns/primary-school-survey/, measúnú a dhéanamh ar cé chomh mór agus atá tuismitheoirí ag iarraidh go mbeidh scoileanna il-sainchreidmheacha, comhoideachais, agus lán-Ghaeilge ar fáil.

Tá Boird Oideachais agus Oiliúna, pátrúin na Scoileanna Náisiúnta Pobail agus na gColáistí Pobail ar fud na tíre, ar bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna státmhaoinithe comhoideachais agus il-sainchreidmheacha iad agus an soláthraí oideachais is mó trí mheán na Gaeilge, ag iarraidh ar gach tuismitheoir a bhfuil páistí acu sa chohórt sin, chomh maith le baill foirne agus boird bhainistíochta na scoile páirt a ghlacadh sa suirbhé agus a dtuairimí a chur in iúl.

Image of person
Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach, ETB Dhún na nGall

Ag labhairt di inniu, dúirt Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall: “Is deis thábhachtach í seo chun eolas a dhéanamh don tírdhreach oideachais amach anseo ar fud na hÉireann. Is deis é chun a chinntiú go léireoidh ár scoileanna, sa todhchaí, an tsochaí éagsúil ina bhfuilimid ag maireachtáil anois. Mholfaimis do thuismitheoirí, d’fhoireann na scoile, agus do bhoird bhainistíochta am a thógáil chun an suirbhé a chomhlánú, agus rochtain a fháil ar na hacmhainní agus an t-eolas atá curtha ar fáil ag an Roinn.”

“Cé go mbíonn daoine go nádúrtha imníoch faoi athruithe”, lean sí ar aghaidh ag rá, “tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, nuair a athraíonn scoil chun a bheith ina Scoil Náisiúnta Phobail faoi phátrúnacht a ETB áitiúil, go bhfanann go leor de na rudaí iontacha atá i bhfeidhm cheana féin mar an gcéanna. Fanann an curaclam, an fhoireann, agus gníomhaíochtaí seach-churaclaim mar a bhí. Is é an rud is mó a athraíonn ná go gcuimsíonn an t-éiteas i Scoil Náisiúnta Phobail gach páiste agus a dteaghlaigh go cothrom i rith an lae scoile, seachas tús áite a thabhairt d’aon chreideamh amháin.”

“In ionad ranganna an reiligiúin Chaitlicigh amháin a dhéanamh, mar shampla, foghlaimíonn páistí faoi shaoldearcaí reiligiúnacha agus neamh-reiligiúnach éagsúla, agus reiligiúin agus creidimh a gcomhscoláirí. I gcás teaghlaigh atá Caitliceach, tá an rogha fós ann do pháistí a gCéad Chomaoineach nó a gCóineartú a dhéanamh – is é an t-aon difear ná go dtarlaíonn ullmhúchán do na sacraimintí lasmuigh den ghnáthlá scoile.”

Léiríonn sonraí ar Chreidimh go bhfuil “géarghá le roghanna scoile atá níos éagsúla”

Léiríonn figiúirí a bhailigh Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI), comhlacht ionadaíoch náisiúnta na 16 BOO in Éirinn, lena n-áirítear ETB Dhún na nGall, nach bhfuil ach 156 den 3,089 bunscoil ar fud na tíre il-sainchreidmheach faoi láthair (i.e. 5% de na scoileanna go léir); níl ach scoil il-chreidmheach amháin i gCo. Dhún na nGall. Tagann an chuid is mó – 95% – faoi phátrúnacht comhlachtaí reiligiúnacha, go príomha na hEaglaise Caitlicí. Léiríonn sonraí ón Daonáireamh is déanaí neamhréiteach idir creidimh mhuintir na hÉireann, agus na roghanna oideachais atá ar fáil faoi láthair. In Daonáireamh 2022, dúirt 31% de dhaoine in Éirinn nach Caitlicigh iad, agus os cionn 14% gur daoine neamhreiligiúnacha iad agus gur tháinig méadú suntasach ar chreidimh eile. I nDún na nGall, aithníonn 15.3% de dhaoine iad féin le reiligiúin seachas Caitlicigh, agus aithníonn 8.1% iad féin mar neamhreiligiúnach.

Image of person
Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna le ETB Dhún na nGall

Ag trácht ar na sonraí, dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna le ETB Dhún na nGall, go dtugann torthaí an Daonáirimh le fios go bhféadfadh raon feidhme a bheith ann chun raon na roghanna bunscoile atá ar fáil go háitiúil a leathnú. Thug sé faoi deara nach bhfeiceann roinnt teaghlach a roghanna léirithe sa chóras reatha: “Sa taighde a rinneadh, rinne BOO iniúchadh ar spéis an phobail i scolaíocht il-chreidmheach ar fud na tíre. Léiríonn na torthaí go dtacódh 61% de na freagróirí le hoideachas a bheith á sholáthar ag comhlacht il-chreidmheach. Léiríonn na torthaí seo spéis mhéadaitheach i raon na roghanna oideachais atá ar fáil a leathnú.”

Tá tuilleadh eolais faoin Suirbhé ar Scoileanna 2030, atá á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Óige, faoi láthair ar fáil ag https://www.gov.ie/en/department-of-education/campaigns/primary-school-survey/.