Leas-Phríomhoide Nua Ceaptha ar Choláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir

Image of person - Ashlean McGeehan

Person standing in front of a sign - Ashlean McGeehan.

Tá Ashlean McGeehan, Uasal ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall ina Leas-Phríomhoide nua Choláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir. Tagann sí i gcomharba ar Kathleen Boland, Uasal, an Leas-Phríomhoide atá ag dul ar scor.

Is as Bealach Féich ó dhúchas í Ashlean agus bhí sí ag teagasc roimhe seo i gColáiste Mhagh Éne i mBun Dobhráin sular bhog sí go Coláiste Ghleann na Finne in 2011. Tá Baitsiléir Staidéar Gnó (Onóracha), Dioplóma Iarchéime i Modhanna Teagaisc Oideachais, céim Mháistreachta i Ríomhaireacht agus i gCórais Faisnéise, agus Ard-Dioplóma i Ríomhaireacht d’Oideoirí aici. Tá oiliúint cheannaireachta oideachais fhairsing críochnaithe aici fosta, Ceannaireacht san Oideachas le Coláiste Hibernia ina measc, agus tá Teastas Iarchéime i gCóitseáil Oideachais aici.

Tá naisc láidre bunaithe ag Ashlean le bunscoileanna, gnólachtaí, agus eagraíochtaí pobail áitiúla trína cuid oibre mar Chomhordaitheoir Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) agus is í Cathaoirleach reatha Bhord Bainistíochta Choláiste Ghleann na Finne. Tugann sí tuilleadh taithí ó róil roimhe seo, Bainisteoir Cumarsáide Digiteacha agus Meán Sóisialta agus Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Réigiúnach Litearthachta d’Aosaigh ina measc.

Ag labhairt di faoina ceapachán, dúirt Ashlean “Tá mé an-bhródúil as freastal ar an phobal ina gcónaím agus ina n-oibrím, agus tá mé paiseanta faoi naisc a neartú idir an scoil, teaghlaigh, gnólachtaí áitiúla, agus eagraíochtaí pobail. Tá mé tiomanta do thacú le rath acadúil trí spriocanna soiléire a shocrú, ionchais arda, agus cleachtais teagaisc nuálacha, agus ag an am céanna mic léinn a chumhachtú chun a bheith ina gceannairí agus ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha,” ar sí.

Tá daonra scoile de chóir a bheith 450 dalta agus 75 ball foirne ag Coláiste Ghleann na Finne, atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, faoi stiúir an Phríomhoide Seán McFadden.

Tá ról lárnach aige i saol oideachais a pobail, ag cur oideachas dara leibhéal leathan, cuimsitheach agus dírithe ar an dalta ar fáil. Mar mheánscoil DEIS, tá an coláiste tiomanta d’ionchais arda, rath acadúil agus torthaí dearfacha a chur chun cinn do gach foghlaimeoir.

Two people standing in front of a sign shaking hands - Ashlean McGeehan and Martin Gormley.

Agus é ag déanamh comhghairdeas le hAshlean ar a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley: “Tá áthas an domhain orm fáilte a chur roimh Ashlean chuig foireann shinsearach ceannaireachta agus bainistíochta Choláiste Ghleann na Finne. Déanaim comhghairdeas léi as an cheapachán seo atá tuillte go maith aici agus guím gach rath uirthi agus í ag glacadh lena ról nua taobh leis an Phríomhoide Seán McFadden. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil fosta le Kathleen Boland, an Leas-Phríomhoide atá ag imeacht, as a dúthracht agus a hobair mhór don scoil le daichead bliain anuas.”

Coláiste Ghleann na Finne ar cheann de chúig cinn déag de na hiar-bhunscoileanna is fiche atá sa chontae faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa scoilbhliain roimhe sin, 2024-2025, d’fhreastail breis agus 6,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Tagann an ceapachán seo agus an líon is airde daltaí cláraithe ag an scoil ariamh, rud a chinnteoidh go leanfaidh sí de bheith ag feabhsú teagaisc agus foghlama, ag freagairt d’athchóiriú náisiúnta curaclaim, agus ag ullmhú daltaí chun go mbeidh rath orthu i dtírdhreach oideachais atá ag athrú i gcónaí.

Glafaidh Ashlean a post níos moille an mhí seo.