Meamram Tuisceana Sínithe ag Aontas Canúála na hÉireann agus ETBI

Shínigh Aontas Canúála na hÉireann agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) Meamram Tuisceana (MOU) inniu a aithníonn an dá eagraíocht mar sholáthraithe ar ardchaighdeán a bhfuil sé mar aidhm acu a ngníomhaíochtaí faoi seach a chur chun cinn le feabhas a chur ar na deiseanna spóirt agus oideachais atá ar fáil dá gcuid ball, dá gcuid mac léinn agus don phobal i gcoitinne.

Déanann Aontas Canúála na hÉireann canúáil mar chaitheamh aimsire agus canúáil iomaíoch a fhorbairt, a chur chun cinn agus a rialú in Éirinn do chách, trí ghréasán clubanna, soláthraithe gníomhaíochta agus baill lena seachadann sé cláir oiliúna agus ócáidí feidhmíochta agus rannpháirtíochta.

Tá sé mar aidhm ag Aontas Canúála na hÉireann a bheith ábhartha agus ionadaíoch do spóirt chéasla in Éirinn, ag méadú rannpháirtíochta agus feidhmíochta i gcomhar le líonra rathúil clubanna, eagraíochtaí sóisialta, pobail, oideachais agus tráchtála agus lenár rath idirnáisiúnta a fheabhsú ar bhonn leanúnach.

Déanann ETBI ionadaíocht do 16 Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh (OETCanna) ar fud na hÉireann [lena n-áirítear OETC Ghartáin faoi ETB Dhún na nGall].  Cuireann na OETCanna seirbhís Oideachais Allamuigh ar fáil do scoileanna, do choláistí agus do sheirbhísí ógra mar aon le réimse spórt eachtraíochta agus cúrsaí gaolmhara do dhaoine agus d’ógánaigh aonair.

Féachann an chomhpháirtíocht le tacú le forbairt na canúála agus na cadhcála in Éirinn agus í a fheabhsú trí:

  • OETCanna a bhunú mar phríomhsholáthraithe réigiúnacha agus moil le haghaidh canúála agus cadhcála.
  • Gach cineál canúála a chur chun cinn agus canúáil a chur chun cinn laistigh de churaclaim náisiúnta.
  • Tacú le gníomhaíochtaí canúála ar ardchaighdeán a sheachadadh ar fud na hÉireann.
  • Oiliúint dheimhnithe a chur chun cinn i scileanna agus teicnící agus sábháilteacht a chur chun cinn.
  • Córas oideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil do Theagascóirí agus do Chóitseálaithe agus scéim dámhachtana oiliúna atá oiriúnach do riachtanais rámhaithe na hÉireann agus comhoiriúnach le dámhachtainí QQI de réir mar is cuí.
  • Moil réigiúnacha a chur ar fáil le haghaidh trealaimh, ar féidir iad a chur ar iasacht do chlubanna ar baill iad d’Aontas Canúála na hÉireann agus do chomhlachtaí oideachais chuí.
  • Canúáil a chur chun cinn mar spórt ar feadh an tsaoil agus le cúrsaí Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh, clubanna Aontas Canúála na hÉireann agus ballraíocht Aontas Canúála na hÉireann a chur chun cinn chun na críche sin.

Dúirt Brian Ogilvie, Uachtarán Aontas Canúála na hÉireann, “Tá Aontas Canúála na hÉireann tiomanta do rannpháirtíocht i spóirt chéasla a fheabhsú agus a fhás in Éirinn trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha.  Baineann an chomhpháirtíocht seo leas as na sineirgí suntasacha idir an dá pháirtí sa chomhaontú. Tá muid ag súil le hobair as lámh le chéile leis na OETCanna chun na críche sin.”

Dúirt Moira Aston, POF, Aontas Canúála na hÉireann, “Tá Aontas Canúála na hÉireann agus an ETBI araon tiomanta do chomhpháirtíocht láidir agus seasmhach a chruthú, le luachanna agus spriocanna comhroinnte. Tá muid tiomanta go gcuideoidh an chomhpháirtíocht seo le fás agus le forbairt na spórt céasla ónár rannpháirtithe is óige go dtí na daoine a bheidh ag déanamh ionadaíochta d’Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha amach anseo.”

Dúirt Nessa White, Rúnaí Ginearálta ETBI, “Cuireann Líonra Náisiúnta soláthair na mBord Oideachais agus Oiliúna deiseanna foghlama den chéad scoth ar fáil i ngach pobal in Éirinn. Feabhsaíonn an chomhpháirtíocht seo caighdeán an tsoláthair maidir le gníomhaíocht allamuigh, arna sholáthar ag Ionaid Oideachais Allamuigh sna ETBanna go léir.”

Dúirt Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, “Ó bunaíodh an chéad Ionad Oideachais Allamuigh de chuid an ETB in 1971 d’fhás an tseirbhís agus d’fhorbair sí go mór; cuireann sí clár ar fáil i réimse suíomh allamuigh trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí eachtraíochta agus timpeallachta mar an meán foghlama. Cuireann an MOU seo le hAontas Canúála na hÉireann taca faoinár dtiomantas le heispéiris foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár bpobail.”

Postáilte ar an 24 Meán Fómhair 2019.