Teastais Bronnta ar Phrintíseachtaí

Bhronn an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, Ardteastais Cheardaíochta ar phrintísigh ó Dhún na nGall a chríochnaigh a gcuid printíseachtaí le gairid.

SOLAS, ETB Dhún na nGall agus ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSL ETB) a chomhóstáil an ócáid.

Agus é ag caint ag an bhronnadh, thrácht an tAire McHugh ar an fhás atá ag teacht ar an éileamh ar dhaoine a bhfuil scileanna gairme acu agus mhol sé ardchaighdeán chóras printíseachta na hÉireann agus a rath maidir le hoibrithe ardoilte a fhorbairt, cosúil leo siúd atá ag fáil an Ardteastais Ceardaíochta inniu: “Tá na scileanna a fhoghlaimítear trí phrintíseacht fíorluachmhar agus cuireann siad fíordheiseanna oibre ar fáil. Tá fostaithe a bhfuil scileanna láidre praiticiúla acu de dhíth ar fhostóirí, agus tá printíseachtaí agus oiliúint ghairme an-tábhachtach maidir le hiad a sheachadadh.

Labhair Andrew Brownlee, POF, SOLAS faoin chlár printíseachta agus rinne sé tagairt ar leith do chaighdeán chóras printíseachta na hÉireann atá aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. “Tá printíseacht chuimsitheach críochnaithe agaibh atá aitheanta sa bhaile agus thar lear mar cheann de na cinn is fearr ar domhan. Sampla de na caighdeáin a bhain printísigh amach le linn a bprintíseachtaí na an rath a bhain Foireann na hÉireann amach ag comórtais WorldSkills i ndiaidh a chéile. Is éacht ar dóigh é sin agus cruthaíonn sé gan aon dabht go bhfuil ár gcóras printíseachta agus ár bprintísigh i measc na gceann is fearr ar domhan.”

Ag an Chomórtas WorldSkills is déanaí a reáchtáladh sa Rúis i mí Lúnasa, bhain an fhoireann de 17, printísigh óga, oiliúnaithe agus mic léinn a rinne ionadaíocht d’Éirinn, ceithre bhonn óir, aon bhonn cré-umha, bonn Best of Nation agus seacht mBonn as Barr Feabhais (Medallions for Excellence).  I measc na foirne de 17 bhí na printísigh Christopher Kehoe agus Jack O’Donnell. Chríochnaigh Christopher Kehoe a oiliúint dheiridh in Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn faoi stiúir an Teagascóra Táthúcháin agus Saineolaí WorldSkills Cathal McGee. Chuaigh Cathal in éineacht le Foireann na hÉireann chun na Rúise mar a Saineolaí WorldSkills sa Táthúchán. Chríochnaigh Jack O’Donnell cuid dá oiliúint dheiridh in Ionad Oiliúna Ghaoth Dobhair faoi stiúir an Teagascóra Pluiméireachta John Sweeney. Bhain Christopher agus Jack araon Boinn as Barr Feabhais ag an chraobhchomórtas.

Tá an tArdteastas Ceardaíochta ag Leibhéal 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus tá sé aitheanta mar cháilíocht go hidirnáisiúnta.

Tá níos mó béime á cur ar Phrintíseachtaí le blianta beaga anuas. Go traidisiúnta b’ionann printíseacht agus bealach chuig poist oilte i réimse earnálacha ar nós: tógáil, innealtóireacht, mótar agus leictreach. Mar sin féin, faoi threoir na Comhairle Printíseachta, tá an córas printíseachta in Éirinn ag méadú. Tá rudaí ag athrú, tá níos mó i gceist le printíseachtaí anois; tá réimse níos leithne de ghairmeacha ag mealladh níos mó daoine isteach i bprintíseachtaí.

Seoladh printíseachtaí úra in earnálacha ar nós: ceantálaíocht agus seirbhísí réadmhaoine, airgeadas, bithchógaisíocht, TFC, lóistíocht agus fáilteachas le níos mó á bhforbairt trasna réimse earnálacha. Ina theannta sin, tá méadú ar líon na bprintíseachtaí úra atá á gclárú trasna na gceirdeanna reatha uilig. Léiríonn sé sin an meas mór atá ag daoine ar an chóras printíseachta in Éirinn. Tá meas air le fada an lá mar ghairm chuimsitheach agus rathúil agus bealach oideachais do dhaoine de gach aois.

Agus í ag déanamh ionadaíochta do na Boird Oideachais agus Oiliúna, dúirt Anne McHugh, POF, ETB Dhún na nGall “Tá lúcháir orainn go bhfuair an oiread sin daoine óga a nArdteastas Ceardaíochta anseo inniu. Is léiriú é sin ar an obair chrua agus tiomantas na ndaoine óga, a dteaghlach, na gcomhlachtaí lena n-oibríonn siad agus dar ndóigh, na baill foirne inár nIonaid Oiliúna a thacaíonn leo agus a oibríonn go crua leo le linn a gcuid ama le Boird Oideachais agus Oiliúna. Tá lúcháir ar Bhord Oideachais Dhún na nGall agus ar Bhord Oideachais Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma go bhfuil polasaí an Rialtais chomh láidir sin i réimse na Printíseachta agus tá muid an-tiomanta ar fad d’oibriú le SOLAS le forbairt agus fás cúrsaí printíseachta a chur chun cinn go réigiúnach agus go náisiúnta.  Fosta, mar pháirt dár bpleananna don am atá le teacht, tá sé ar intinn againn oibriú níos dlúithe le fostaithe agus le comhlachtaí eile leis na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach dár ndaoine óga.”

Tá tionscnamh úr oiliúna á leathadh amach ag ETB Dhún na nGall agus ETB MSL ar fud an Iarthuaiscirt. Tá sé mar aidhm ag Scileanna le Dul Chun Cinn, arna fhorbairt ag SOLAS, scileanna nua a theagasc do dhaoine atá ag obair. Sampla de sin ná comhpháirtíocht straitéiseach a fhorbairt idir ETB Dhún na nGall agus comhlacht nuálach seirbhísí sláinte náisiúnta ina bhfuil an ETB ag reáchtáil Dioplóma i Riarachán Gairmiúil (Leibhéal 6) faoi láthair le scileanna nua a theagasc do bhaill foirne oibríochta laistigh den chomhlacht agus é mar aidhm acu inbhuanaitheacht  bhunáit Dhún na nGall a chinntiú. Tá soláthar cúrsaí tráthnóna sa dá ETB á úsáid le hoiliúint maidir le Scileanna le Dul Chun Cinn a chur ar fáil do roinnt mhaith oibrithe i gcontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma.

Andrew Brownlee a thug an searmanas chun críche; thréaslaigh sé leis na printísigh a fuair a nArdteastais Cheardaíochta as a n-éacht .i. go bhfuil siad aitheanta mar cheardaithe ardoilte anois agus ghuigh sé gach rath orthu ina gcuid gairmréimeanna.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Clive Wasson Photography.

Printísigh Dhún na nGall a fuair a nArdteastais Cheardaíochta ón Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh (ina shuí sa lár). Sa phictiúr fosta ina suí ó chlé go deas tá: Claire Lernihan (Comhordaitheoir Rannpháirtíochta Fiontraíochta, ETB Dhún na nGall), Vinny McGroary (Bainisteoir Oiliúna Limistéir, ETB Dhún na nGall), Anne McHugh (Príomhfheidhmeannach), Geoff Browne (Cathaoirleach, ETB Dhún na nGall), Andrew Brownlee (Príomhfheidhmeannach, SOLAS) agus Lorraine Murray (Comhairleoir Sinsearach Oiliúna Printíseachta, ETB Dhún na nGall).
An tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh ag glacadh féinín ag an searmanas bronnta i mBun Dobhráin.