Réaltacht Fhíorúil in Úsáid ag Tionscnamh um Shábháilteacht ar Bhóithre le Fíor-eispéireas a Thabhairt do Mhic Léinn i dtaca le Timpistí Bóthair

Tá tionscnamh sábháilteachta le béim mhór a leagan ar na contúirtí atá ar ár mbóithre ar fáil anois le húsáid i Meánscoileanna, in Ionaid Chumasóige agus i gclubanna i nDún na nGall; tá sé ábalta fíor-eispéiris de dhrochthimpistí bóithre a thabhairt do mhic léinn.

Clár réaltachta fíorúla (VR) maidir le sábháilteacht ar bhóithre is ea Do Shaol – Do Rogha, dírithe ar thiománaithe óga agus ar phaisinéirí san aoisghrúpa 16-25 atá i measc na n-úsáideoirí bóithre is leochailí; tá an clár á chur chun cinn ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Grúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall (DRSWG) a bhfuil ETB Dhún na nGall ina bhall de.

Ionsamhlaíonn na haonaid VR drochthimpiste bhóithre, leis an amharcóir ag glacadh páirte i suíochán an phaisinéara de charr VR. Feiceann amharcóirí roinnt mhaith de na hiompraíochtaí contúirteacha agus fachtóirí a bhaineann le tiománaithe óga a bhíonn páirteach i ndrochthimpistí, lena n-áirítear úsáid fón póca, luas, fad stoptha, seachmall agus bóithre tuaithe. Ina theannta sin feiceann siad, ó shuíochán an phaisinéara, toradh drochthimpiste, nuair a shroicheann na seirbhísí éigeandála suíomh na timpiste.

Arsa Geoffrey Browne, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, “Ligeann an teicneolaíocht seo do gach úsáideoir atá ag caitheamh gléas cinn lomchlár na fírinne a fheiceáil; a bheith sáinnithe i bhfeithicil agus faire go géar ar an obair a dhéanann na seirbhísí éigeandála ag suíomh timpiste bóithre.  Tá muid ag cur i gcuimhne do dhaoine óga go bhfuil rogha acu maidir leis an chineál úsáideora bóithre ar mhaith leo agus a gcuid paisinéirí a bheith cosúil leis.  Tá na cinntí sin riachtanach maidir lena gcuid sábháilteachta agus sábháilteacht úsáideoirí bóithre eile.

Dúirt Brian O’Donnell, Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre, “Faraor, tá daoine idir 16-24 bliain d’aois, agus fir óga go háirithe, fós le feiceáil sna staitisticí a bhaineann leo siúd a maraíodh nó a gortaíodh go dona ar ár mbóithre.  Spreagfaidh an tionscnamh sábháilteachta ar bhóithre seo daoine óga le hiad féin a iompar níos freagraí taobh thiar den roth stiúrtha. Seachadann an gléas nua-aimseartha seo teachtaireacht an-soiléir go héifeachtach, ceann a fhanann leis an úsáideoir i bhfad i ndiaidh dó amharc ar an ghearrthóg físe. Táthar ag súil go dtabharfar seans do gach dalta ón idirbhliain ar aghaidh triail a bhaint as an ghléas amach anseo.”

Dúirt an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna, ETB Dhún na nGall “Cuideoidh an clár seo le mic léinn a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar an ról atá acu maidir le básanna agus drochghortuithe a chosc ar na bóithre. Tá sé tábhachtach feasacht a ardú maidir le saincheisteanna sábháilteachta ar bhóithre agus tá súil againn go spreagfaidh an clár seo ár dtiománaithe óga le machnamh a dhéanamh ar a n-iompraíocht agus nósanna tiomána níos sábháilte a chur chun cinn.

Is féidir le scoileanna a bhfuil spéis acu sa chlár teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle Contae tríd an ríomhphost ar: bodonnel@donegalcoco.ie

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Ciaran Cunningham

An Chéad Ró – Garda Mick Kilcoyne, Póilíneacht Bhóithre, Leitir Ceanainn; Geoffrey Browne, Cathaoirleach, ETB Dhún na nGall; An Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna, ETB Dhún na nGall; Garda Brian McElroy, Póilíneacht Bhóithre, Leitir Ceanainn.
Ró Deiridh – Janet McGeever, múinteoir, Coláiste an Eargail; Michael Canning, dalta, Coláiste an Eargail; Catherine Boyce, dalta, Coláiste an Eargail agus Brian O’Donnell, Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall.