Físeán maidir le Cleachtais Aisiríocha Seolta ag Foróige trí Thionscadal maoinithe PEACE IV ETB Dhún na nGall

Tá físeán úr seolta ag Foróige anocht a bhfuil sé mar aidhm aige coincheap na gcleachtas aisiríoch a mhíniú do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

Críochnaíodh an tionscadal mar pháirt de Thionscadal Cleachtas Aisiríoch ETB Dhún na nGall ar éirigh leis €200,000 de mhaoiniú PEACE IV an AE a fháil in 2018. Tacaíonn Clár PEACE IV an Aontais Eorpaigh leis an tionscadal, agus bainistíonn Comhairle Contae Dhún na nGall é do Chomhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB). Tá naoi n-iar-bhunscoil (ETB agus neamh-ETB) agus ionad Cumasóige (luathfhágálaithe scoile) déag ón chontae go léir agus Foróige páirteach sa tionscadal.

Cuireann Cleachtais Aisiríocha éiteas ar fáil maidir le caidrimh a dhéanamh, a choinneáil agus a réiteach agus cothaíonn siad fonn freagrachta sóisialta agus cuntasachta comhroinnte. Dar le cleachtais aisiríocha, nuair a dhéantar dochar do dhaoine agus do chaidrimh, go gcruthaítear oibleagáidí agus dliteanais agus díríonn cleachtais aisiríocha ar an dochar a réiteach agus rudaí a chur ina gceart.

Daoine óga a chruthaigh an físeán le tacaíocht ó dhearthóir grafaicí gluaisne agus foireann Fhoróige. Thosaigh sé le hoiliúint maidir le Cleachtais Aisiríocha don chaoga duine óg agus ball foirne, oiliúint a mhair lá amháin. Léirigh na daoine óga spéis in éirí páirteach i léiriú físeáin bheoite a mhíneodh Cleachtais Aisiríocha ar bhealach soiléir agus gonta. Ba é an aidhm a bhí ann ná go n-úsáidfí an físeán dóibh siúd atá i mbun Cleachtas Aisiríoch mar aon leo siúd atá ag insint do dhaoine óga, d’oibrithe óige, do mhúinteoirí, d’oiliúnóirí  faoin choincheap i seirbhísí ógra agus in ionaid oideachais agus scoileanna den chéad uair riamh.

Le linn cúrsa cónaitheach maidir le Cleachtas Aisiríoch, d’éascaigh foireann Fhoróige ceardlanna leis na daoine óga le machnamh a dhéanamh ar an oiliúint a fuair siad agus ar a bhfoghlaim siad. D’oibrigh siad ar a script agus chas siad leis an dearthóir grafaicí gluaisne lena gcuid smaointe a fhorbairt agus leis an rud a bhí siad a dh’iarraidh a chur isteach san fhíseán dheireanach. Rinne beirt de na daoine óga na guthuithe ar an fhíseán, rud nach raibh déanta acu riamh roimhe sin.

Agus é ag caint faoin tionscadal, dúirt duine de na daoine óga, “Deis ar dóigh a bhí ann páirt a ghlacadh san oiliúint maidir le Cleachtas Aisiríoch; d’éirigh liom scileanna a fhoghlaim fá dtaobh de Chleachtas Aisiríoch agus an dóigh leis sin a úsáid ar scoil agus sa bhaile agus rinne mé cairdeas le lear mór daoine fosta.”

Thug Ceannaire Thionscadal Fhoróige, Susan McLoughlin, faoi deara “Bhain na daoine óga an oiread sin amach sa phróiseas a bhí i gceist leis an fhíseán beochana a dhéanamh. Níor chuala an chuid mó acu faoi Chleachtais Aisiríocha roimhe sin. Cé a chreidfeadh go bhfuil físeán déanta go gairmiúil acu anois a mhíneoidh agus a chuirfidh Cleachtais Aisiríocha chun cinn mar bhealach dearfach le déileáil le cásanna coinbhleachta agus tá moladh mór tuillte acu uilig. Ár mbuíochas le ETB Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhlacht na gClár Speisialta AE as an tionscadal a mhaoiniú tríd an chlár PEACE IV.”

Tá an tionscadal á mhaoiniú faoi thosaíocht 1 de chlár PEACE IV, síocháin agus athmhuintearas a chur chun cinn agus faoi bheart 4.1 de phlean síochána an údaráis áitiúil a dhíríonn ar chur chun cinn na gcaidreamh dearfach ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach, a bhfuil meas mar chomhartha sóirt acu, agus ina ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht chultúrtha agus tig le daoine maireachtáil, foghlaim agus bualadh le chéile, saor ó chlaontacht, ó fhuath agus ó éadulaingt.  Oifig an Fheidhmeannais i dTuaisceart Éireann agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in Éirinn a chuir cistiú meaitseála ar fáil.

Dúirt comhordaitheoir tionscadal ETB Dhún na nGall, an Dr Sandra Buchanan, “Is físeán den chéad scoth é. Níl sé éasca cleachtais aisiríocha a thuiscint mar choincheap agus cuireann an físeán seo tuiscint ar fáil atá soiléir agus tugann sé achoimre ar an choincheap do dhaoine i mbeagán focal.  Acmhainn fhíorúsáideach atá ann le daoine óga agus aosaigh a chur ar an eolas i dtaobh an ábhair.”

Agus í ag tréaslú leis na daoine óga, dúirt Comhordaitheoir Chlár PEACE IV Chomhairle Contae Dhún na nGall, Caroline McCleary, go raibh lúcháir uirthi an físeán seo a fheiceáil, “Tagann síocháin chun cinn i ndiaidh coinbhleachta agus de réir mar a chuireann muid na tionscadail seo le chéile tig linn a fheiceáil gur bhog muid ar aghaidh ó chuid den choinbhleacht sin.  Is mór an pléisiúr domsa tionscadail mar seo a fheiceáil á gcur i bhfeidhm ar bhonn céimneach, tionscadail a bhfuil daoine óga páirteach iontu agus tá súil agam go gcuideoidh na scileanna úra atá foghlamtha acu leo de réir mar a théann siad fríd an tsaol.”

Féachann an tionscadal maidir le cleachtais aisiríocha le caidrimh dhearfacha a fheabhsú do dhaoine óga, do bhaill foirne, do thuismitheoirí/chaomhnóirí, d’oibrithe deonacha, oiliúint a chur ar rannpháirtithe i gcuir chuige chreidiúnaithe agus neamhchreidiúnaithe maidir le cleachtais aisiríocha agus le tuiscint a fhorbairt i dtaca le bealaí malartacha chun déileáil le coinbhleacht.

Is féidir amharc ar an fhíseán anseo.

Postáilte ar an 22 Samhain 2019.
Cuid de na daoine óga a bhí páirteach san fhíseán a dhéanamh ag seoladh a dtionscadail maidir le cleachtais aisiríocha arna mhaoiniú ag PEACE IV ETB Dhún na nGall. San áireamh tá: Susan McLoughlin (Ceannaire Thionscadal Fhoróige), Una McGuinness (Riarthóir an Tionscadail maidir le Cleachtais Aisiríocha), an Dr Sandra Buchanan (Comhordaitheoir an Tionscadail maidir le Cleachtais Aisiríocha) agus Caroline McCleary (Comhordaitheoir Chlár PEACE IV Chomhairle Contae Dhún na nGall).