Gradaim Bhreisoideachais & Oiliúna (FET) bronnta ar 175 Mac Léinn i nDeisceart Dhún na nGall i mBaile Dhún na nGall

Bhronn Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall réimse leathan gradam ar mhic léinn as gach cearn de Dheisceart Dhún na nGall ag ócáid bhronnta tráthnóna Dé Máirt seo caite.

D’fháiltigh Stiúrthóir FET le ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, roimh na céadta mac léinn, aíonna agus baill foirne chuig an ócáid in Óstán an Millpark i mBaile Dhún na nGall agus thréaslaigh sí leo maidir lena gcuid éachtaí uilig.

Thréaslaigh an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh leis na mic léinn fosta maidir lena gcuid éachtaí agus thug achoimre ar an réimse cúrsaí agus seirbhísí a chuireann Seirbhís FET ETB Dhún na nGall ar fáil.

Chríochnaigh roinnt mhaith de na mic léinn a gcuid cúrsaí in Ionaid FET an ETB i mBaile Átha Seanaidh agus i mBaile Dhún na nGall agus ina bpobail áitiúla. D’áirigh siad sin mic léinn pháirtaimseartha a fuair teastais tríd an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI), an Clár Tacaíochta Oideachais Pobail agus an clár Learning for Living (Foghlaim don Saol).

Bronnadh gradaim orthu do réimse leathan ábhar lena n-áirítear Cumarsáid, Scileanna Ríomhaireachta, Margaíocht Dhigiteach, Scileanna Digiteacha, Cúram agus Oideachas na Luath-Óige, CETR, Scileanna Gnóthaithe Poist – Gairneoireacht, Béarla, Scileanna Fiontraíochta, Léiriú Imeachtaí, Scileanna Seirbhíse Sláinte, Scileanna Idirlín, Matamaitic, Staidéar ar na Meáin, Foirmeacha a Líonadh Isteach ar líne (Treoir d’Fheirmeoirí), Forbairt Phearsanta, Spriocanna Foghlama a Leagan Síos, Oiliúint agus Forbairt agus Cleachtas Oibre.

Bronnadh teastais ar bhaill foirne ó Fheirm Oscailte Uí Pheatáin fosta, rud a tharla trí phróiseas Aitheantais Réamhfhoghlama ETB Dhún na nGall.

Bronnadh teastais ar mhic léinn ó dhá chúrsa lánaimseartha fosta. Bronnadh réimse teastas QQI ar dhaoine óga ar chlár Chumasóige Bhaile Átha Seanaidh, fad is go bhfuair daoine fásta ar an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) gradaim do Riarachán Gnó (Baile Átha Seanaidh) agus ríomhGhnó mar aon le teastais in CETR, MOS, City & Guilds (Baile Dhún na nGall).

Bhí roinnt mhaith de na cúrsaí FET cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020. Tá Cumasóige cómhaoinithe fosta ag an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg.

Geoffrey Browne, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, a bhronn na gradaim agus dúirt sé: “Tá cúrsaí agus cláir foghlama forbartha ag Seirbhís FET ETB Dhún na nGall a fhreagraíonn ar phróifíl eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta an chontae. Is seirbhís nuálach atá inti agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair an POF, Anne McHugh, agus an Stiúrthóir FET, Cróna Gallagher, as an mhéid a dhéanann siad lena chinntiú go bhfuil próifíl láidir náisiúnta agus áitiúil ag seirbhís FET ETB Dhún na nGall.”

Labhair roinnt mac léinn faoina mbealaí dul chun cinn i mbreisoideachas, in ardoideachas agus i bhfostaíocht, rudaí a tharla mar gheall ar a gcáilíochtaí FET.

In 2018, chríochnaigh os cionn 11,000 mac léinn cúrsaí i níos mó ná céad ionad ar fud an chontae, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é. Is féidir amharc ar a réimse leathan cúrsaí ar an rannán aimsithe cúrsa dá láithreán gréasáin (www.donegaletb.ie/coursefinder).

Is féidir amharc ar fhíseán fótagrafach de na gradaim anseo.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Jmac
Baill Foirne ó Fheirm Oscailte Uí Pheatáin ar bronnadh gradaim orthu i gcomhair Bainistíocht Imeachtaí agus Scileanna Fiontraíochta le foireann FET ETB Dhún na nGall.