Gradaim Bhreisoideachais & Oiliúna (FET) bronnta ar 300 mac léinn i Leitir Ceanainn

Tháinig trí chéad mac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET), mar aon le teaghlaigh, cairde agus baill foirne, le chéile in Óstán an Radisson, Leitir Ceanainn Déardaoin seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall.

Bhain mic léinn teastais amach mar gheall ar réimse cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha a rinne siad le bliain anuas, cúrsaí a críochnaíodh in Ionaid FET ETB Dhún na nGall i nGaoth Dobhair, Leitir Ceanainn agus Baile na nGallóglach agus ina bpobail áitiúla.

Geoffrey Browne, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, a bhronn na teastais i réimse leathan ábhar ó Leibhéil 1 go 5, lena n-áirítear: Teicneoir Cuntasaíochta, Tástálaí Bogearraí Uathoibrithe, Teiripe Scéimhe, Leabharchoimeád, Tiománaí Bus, Riarachán Gnó/Bainistíocht, Lónadóireacht, Cúram Leanaí, Cumarsáid, Oibrí Tógála, Íomháú Digiteach, Díolacháin Dhigiteacha, Scileanna Slándála agus Gardála, CETR/TFC, Scileanna Gnóthaithe Poist, Oibríochtaí Innealtóireachta, Garchabhair, Gruagaireacht, Scileanna Tacaíochta Cúraim Sláinte/Seirbhíse, Tiomáint HGV agus Altach, Gairneoireacht, Tacaíocht TF, Fondúireacht Java, Scéim Tús Oibre (Job Start), Ardteistiméireacht, Smideadh, Lámh-mhaisiú agus Cosmhaisiú, Ilmheáin, Seirbhísiú Fearas Olabhreoslaithe, Scileanna Oifige agus Turasóireacht, Teagascóir Gníomhaíochtaí Allamuigh, Párolla, Scileanna Miondíolacháin, Forbróir Bogearraí, Cúntóir Riachtanas Speisialta, Bainistíocht Maoirseachta, Teagascóir Tonnmharcaíochta agus Garda Tarrthála Trá, Oiliúint agus Forbairt, Dearadh Gréasáin agus Táthú.

Rinneadh iad a chreidiúnú trí Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), City & Guilds, Comhairle Sléibhteoireachta na hÉireann, Cumann Seoltóireachta na hÉireann, Aontas Canúála na hÉireann agus Teicneolaíochtaí Ola agus Teasa In-athnuaite/Oil and Renewable Heat Technologies (OFTEC) agus eagraíochtaí eile nach iad.

Mhaoinigh Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa roinnt mhaith de na cúrsaí FET mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Agus í ag caint ag an ócáid, thréaslaigh Cróna Gallagher, Stiúrthóir FET, ETB Dhún na nGall, leis na mic léinn agus dúirt, “Tá lúcháir orm a bheith ábalta páirt a ghlacadh ina gcuid éachtaí. Mar gheall ar na teastais atá faighte acu anseo anocht beidh i bhfad níos mó roghanna dul chun cinn ar fáil dóibh laistigh de shaol na hoibre agus i dtaca le breisoideachas, ardoideachas agus oiliúint.”

Labhair roinnt mac léinn ar an oíche fosta faoina n-eispéireas maidir le cúrsa FET a chríochnú le ETB Dhún na nGall. Ina measc bhí Nora Demeter (Scileanna Oifige agus CETR le Leabharchoimeád), Marie Lafferty (Gairneoireacht), Sheila Leeper (Teicneoir Cuntasaíochta) agus Colin Chambers (Ardteistiméireacht).

In 2018, chríochnaigh os cionn 11,000 mac léinn cúrsaí i níos mó ná céad ionad ar fud an chontae, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é. Is féidir amharc ar a réimse leathan cúrsaí ar an rannán aimsithe cúrsa dá láithreán gréasáin (www.donegaletb.ie/coursefinder).

Is féidir amharc ar fhíseán fótagrafach anseo.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Clive Wasson Photography

I mbun ceiliúrtha ag Bronnadh Gradam Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Déardaoin seo caite in Óstán an Radisson, Leitir Ceanainn.