Labhraíonn an tEolaí Aeráide Mór le Rá, an tOllamh Emeritus John Sweeney, le Soláthraithe Oideachais Pobail Dhún na nGall

D’fhreastail os cionn céad rannpháirtí ar Sheimineár Bliantúil Oideachais Pobail Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn inniu.

Tugann an seimineár bliantúil seo deis dóibh siúd atá páirteach in Oideachas Pobail a chur ar fáil, go háirithe iad siúd a úsáideann maoiniú i bhfoirm deontas arna riaradh ag Clár Tacaíochta Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall, teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leo.

Forbairt Inbhuanaithe ba ea téama an tseimineáir i mbliana. Luaigh an t-eochairchainteoir, an tOllamh Emeritus agus Eolaí Aeráide John Sweeney, an fonn láidir atá ar dhaoine, cosúil leo siúd a bhí i láthair ag an seimineár, le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le Dún na nGall ag an staid seo i dtéarmaí éifeachtaí athraithe aeráide. Bhí lúcháir air fosta cloisteáil faoi imní faoinár n-áit chomhroinnte agus faoinár bhfonn le dul i ngleic le riachtanais na bpobal ar fud na cruinne agus muid ag iarraidh saincheisteanna inbhuanaitheachta a bhogadh chun tosaigh.

Thug Catherine Friel agus Sinéad Campbell, Áisitheoirí Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall, achoimre ar an tionchar suntasach a bhí ag Oideachas Pobail ar fhorbairt inbhuanaithe laistigh de phobail ar fud an chontae.

Ag an seimineár chuir Grúpaí Pobail samplaí den obair a dhéanann siad ina gceantair ar taispeáint ar nós tionscadail gharraíodóireachta phobail, cúrsaí a bhfuil sé mar aidhm acu feasacht a ardú maidir le bithéagsúlacht; bhí ardú mór ann i mbliana i líon na gcúrsaí a cuireadh ar fáil maidir le beachaireacht, lena n-áirítear plandú le haghaidh na beachaireachta. Leag Oideachas Pobail béim i gcónaí ar an ghá le hábhar a athúsáid agus chonacthas samplaí sa seimineár d’uaschúrsáil troscáin, obair phaistí agus découpage. Chuala na rannpháirtithe ó ionadaithe Lárionad Acmhainní Nádúrtha agus Changemakers; chuir siad síos ar an dóigh a dtéann Oideachas Pobail i bhfeidhm ar fheasacht a ardú maidir leis an ghá atá le hinbhuanaitheacht inár bpobail áitiúla.

Agus é ag caint ag an seimineár, labhair an tUasal Geoffrey Browne, Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, faoin tiomantas láidir i measc Soláthraithe Oideachais Pobail do thacú lena bpobail agus iad ag dul i ngleic leis an tasc maidir le ceistiú cad is gá dúinn a dhéanamh le maireachtáil go hinbhuanaithe agus cén dóigh a bhfuil sé i gceist againn dul i ngleic leis na dúshláin a théann i bhfeidhm orainn uilig.

Chuala na rannpháirtithe ó Denise Shannon, Léargas, fosta. Thug sí achoimre ar dheis mhaoinithe Eorpaigh do phobail in Éirinn.

Thréaslaigh Martina Needham, Oifigeach Oideachais d’Aosaigh, ETB Dhún na nGall, leis na soláthraithe Oideachais Pobail agus leis na rannpháirtithe as a gcuid éachtaí in 2019. Chomh maith leis sin, sheol sí Sraith Straitéisí do Sholáthraithe Oideachais Pobail mar fhreagairt ar iarratais a rinneadh ar eolas ag Seimineár 2018.

Bhí scoth na hamhránaíochta ón Ghrúpa Amhránaíochta Pobail Allsorts ó Phaiteagó le cloisteáil ag tús agus ag deireadh an tseimineáir; tá maoiniú faighte ag Allsorts ó ETB Dhún na nGall.

Tá Clár Tacaíochta Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall mar pháirt dá Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET). Is ciste deontasbhunaithe atá ann a thugann tacaíocht do ghrúpaí le réimse clár pobail a chur ar fáil ina gceantar féin. Is é an toradh a bhíonn ar an Chlár ná cúrsaí ar ardchaighdeán, ar chostas íseal, curtha ar fáil go háitiúil, agus freastalaíonn siad ar riachtanais shainaitheanta an phobail áitiúil. Cé go maoiníonn Clár Oideachais Pobail an ETB cúrsaí creidiúnaithe, ar nós Forbairt Áitiúil agus Dhomhanda, tacaíonn sé le cúrsaí neamhchreidiúnaithe den chuid is mó – rud ar bith ó bheachaireacht go ranganna cócaireachta go cróise. Thacaigh an clár le níos mó ná 450 cúrsa in 2018 ar fud na tíre, agus bhí os cionn 4,000 dalta páirteach.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Clive Wasson Photography
An tOllamh Emeritus agus Eolaí Aeráide, John Sweeney, eochairchainteoir ag an Seimineár bliantúil maidir le hOideachas Pobail de chuid Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall..
Baill Foirne ETB agus cainteoirí ag an Seimineár bliantúil maidir le hOideachas Pobail de chuid Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Ina suí ó chlé tá Denise Shannon (Léargas), Geoffrey Browne (Cathaoirleach ETB), An tOllamh Emeritus agus Eolaí Aeráide, John Sweeney, Martina Needham (Oifigeach Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall). Ar gcúl ó chlé: Máire Ní Fhearraigh (Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR), Sinéad Campbell (Áisitheoir Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall), Charles Gorney (Oifigeach Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall), Catherine Friel (Áisitheoir Oideachais Pobail ETB Dhún na nGall), Kathryn Daily agus Sancho Gallagher (an bheirt acu ó Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR).
Cór Pobail Allsorts ó Phaiteagó i mbun ceoil ag an Seimineár bliantúil maidir le hOideachas Pobail de chuid Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.