Sprioc Dhomhanda 12 á Cur Chun Cinn ag Daltaí Choláiste Pobail Bhun an Phobail – Tomhaltas & Táirgeadh Freagrach

Bhí Coláiste Pobail Bhun an Phobail an-ghníomhach maidir le tomhaltas agus táirgeadh freagrach a chur chun cinn sa scoil sa tréimhse roimh an Nollaig.

Cuireadh tae agus seacláid the Fairtrade ar fáil sa chlub bricfeasta le cur i gcuimhne do dhaltaí an tábhacht a bhaineann le smaoineamh faoin áit a dtagann a gcuid bia as agus faoin dóigh a gcaitear le fostaithe.

Bhí daltaí LCA gnóthach sa rang Ealaíne ag cur bailchríoch ar a dtolg álainn atá déanta as boinn athchúrsáilte. Tá sé mar aidhm acu an tolg a úsáid iad féin ar scoil le linn a gcuid sosanna. Is sampla iontach maith é sin den tábhacht a bhaineann le ‘smaoineamh as an nua’ maidir le hathchúrsáil.

Bhí Aonach Nollag na scoile ina shampla inspioráideach den dóigh ar féidir seanearraí coitianta nár úsáideadh a úsáid le hearraí iontacha praiticiúla agus ornáideacha a dhéanamh mar mhaisiúcháin Nollag. Úsáideadh cnaipí, crúiscíní, boscaí adhmaid, leabhair, olann, dearcáin, géaga srl. uilig le saothair iontacha a dhéanamh.

Buíochas le Cúnamh Éireann a thaistil ó Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite agus le Jo Fowler as a caint ar Ola Phailme le linn na Seachtaine um Shaoránacht Dhomhanda ag deireadh mhí na Samhna. Ba mhór an spreagadh é do na daltaí i mí na Nollag. Bhí daltaí na hIdirbhliana ag déanamh tionscadal ar ola phailme, ag amharc ar líon na dtáirgí a bhfuil ola phailme iontu agus na himpleachtaí tromchúiseacha a bhíonn aige sin ar an timpeallacht agus ar áiteanna eile sa domhan. Tá siad ag pleanáil le haghaidh a dtionscadail piartheagaisc ar ola phailme i ndiaidh na Nollag agus tá siad ag impí ar gach duine táirgí a cheannach a bhfuil an tsiombail Ola Phailme Inbhuanaithe acu.

Ós rud é go bhfuil sé ag glacadh páirte sa tionscadal ‘Get Up and Goals de chuid an AE, chuir Coláiste Pobail Bhun an Phobail isteach ar mhaoiniú agus ceadaíodh é le fóirdheonú a dhéanamh ar an chostas a bhaineann le buidéil uisce cruach dhosmálta a chur ar fáil do dhaltaí na Chéad Bhliana ar phraghas laghdaithe. Seolfar an tionscnamh seo sa Bhliain Úr agus spreagfaidh sé daltaí i ndáiríre leis an rogha seo atá níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht a úsáid in áit aon bhuidéil phlaisteacha atá fágtha. Tá baill foirne agus daltaí ag dúil go mór le 2020 a bheidh an-mhaith maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn.

Tolg déanta as boinn athchúrsáilte.
Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.