Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Tá muid ag druidim leis an Nollaig arís agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an fhoireann agus leis na mic léinn inár Scoileanna, Coláistí agus Ionaid ar fud an chontae a chuir an oiread sin leis an obair mhór mhaith atá déanta ag ETB Dhún na nGall le linn 2019.

Bliain ghnóthach agus rathúil a bhí in 2019, bliain a bhí lan d’athruithe iontacha. Admhaím go ndearnadh roinnt mhaith éachtaí ag gach leibhéal dár seirbhíse. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhúthracht agus do thiomantas ár mball foirne, arna dtreorú ag ár mbainisteoirí, maidir leis an dóigh ar lean said le cur go mór le caighdeán an Teagaisc agus na Foghlama inár seirbhís, arb é sin príomhghnó ETB Dhún na nGall. Tá trí mhórpháirt i gceist inár gcuid oibre arna dtreorú ag ár Stiúrthóirí: Cróna Gallagher (Breisoideachas agus Oiliúint (FET), Jim McGlynn (Tacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD)) agus an Dr Martin Gormley (Scoileanna); déanann siad jab ar dóigh ó thaobh baill foirne a threorú laistigh dá gcuid réimsí. Dar ndóigh, is cuid riachtanach iad ár bhfoireann tacaíochta i dtaca le rath ár mBoird Oideachais agus Oiliúna; ní thiocfadh linn an réimse seirbhísí a thairgeann muid a thairiscint gan na daoine sin.

Cuireadh ár mBord úr le chéile i mbliana agus leanfaidh sé in oifig go dtí 2024. Guíonn muid gach rath ar ár gCathaoirleach úr, Geoffrey Browne, ar na baill, ar bhaill an choiste agus ar gach ball dár mBoird Bhainistíochta úra don téarma atá amach romhainn.

Bhí an-chuid buaicphointí le linn 2019 agus ba mhaith liom an t-am a ghlacadh le haitheantas a thabhairt do chuid acu.  Ní thiocfadh le duine ar bith dearmad a dhéanamh ar léiriú spreagúil Chór Aon Ghutha/One Voice Choir i mí an Mhárta in Amharclann an Ghrianáin.  Cuireann imeachtaí mar sin os comhair an phobail cad go díreach atá i gceist le ETB Dhún na nGall.

Tá sé iontach go deo tábhachtach aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl inár scoileanna agus ionaid agus déanann Lá Bliantúil na nGradam é sin. Léiríonn sé go ndéanann ár bhfoireann iarracht speisialta lena chinntiú go mbíonn an t-eispéireas is cuimsithí agus is féidir ag ár mic léinn uilig.

Seoladh ár láithreán gréasáin úr le linn an tsamraidh. Tionscadal mór eile a bhí ann agus mo bhuíochas le gach duine a bhí páirteach. Tá sé an-tábhachtach go mbíonn suíomh lárnach ar ardchaighdeán ag ETB Dhún na nGall lenár seirbhís a chur chun cinn agus tá muid ag súil go mór le lear mór scéaltaí dearfacha eile a fheiceáil ar ár láithreán gréasáin agus ar ár gcainéil meán sóisialta san am atá le teacht.

Mar an soláthraí FET is mó i gContae Dhún na nGall, rinne muid cinneadh ár nAonach bliantúil FET a bhogadh go dtí mí na Samhna i mbliana agus d’éirigh go geal leis sin! Dar liom go bhfuil ag éirí go hiontach linn maidir le roghanna FET a chur chun cinn, ní hamháin laistigh den phobal i gcoitinne ach i measc lucht fágála scoile.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don roinnt mhaith tionscadal tógála atá ag dul ar aghaidh ar fud an chontae laistigh dár scoileanna agus seirbhísí FET.  Tá sé riachtanach go mbíonn timpeallacht dheas ag ár mic léinn agus ag ár bhfoireann ina dtig leo oibriú go héifeachtach agus leanfaidh muid ar aghaidh ag oibriú i dtreo na hacmhainní is fearr agus is féidir a chur ar fáil do mhuintir Dhún na nGall.

Tá lúcháir mhór ar ETB Dhún na nGall gur as an chontae é an tAire Oideachais agus Scileanna agus is mór againn an t-iliomad cuairteanna a thug sé ar ár scoileanna agus ionaid ó thosaigh sé sa ról sin.

Maidir libhse, Pobal ETB Dhún na nGall, tá súil agam gur bhliain mhaith a bhí in 2019 daoibhse agus gur fhreastail ETB Dhún na nGall go maith ar bhur bpobal.  Tá muid ag súil go mór le hoibriú libh arís fud fad an chontae in 2020.

Tá muid ag súil go mór leis an Bhliain Úr agus leis na tionscnaimh agus na dúshláin úra a thiocfaidh léi agus guíonn muid rath ar achan duine lena gcuid iarrachtaí don bhliain amach romhainn.

Ag an am seo den bhliain fosta, stopann muid le cuimhneamh a dhéanamh ar na daoine nach bhfuil linn níos mó agus le comhbhrón ó chroí a dhéanamh le gach duine ar bhásaigh duine múinteartha leo le linn 2019.

Guím sos síochánta agus sábháilte oraibh uilig, ar bhur dteaghlaigh agus ar bhur bpobail thar an Nollaig agus tá mé ag tnúth go mór le 2020 agus le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre thar ceann mhuintir Chontae Dhún na nGall.

Guím daoibhse agus do bhur dteaghlach Síocháin, Sláinte agus Sonas ag an am seo bliana agus sa bhliain úr.

Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.