Rolluithe do Ranganna Oíche Sheirbhís Breisoideachais & Oiliúna (FET) ag Tosú an tSeachtain Seo Chugainn

Tá réimse leathan ranganna oíche á thairiscint ag Seirbhís FET Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall ar fud an chontae an tEarrach seo agus beidh rollú ar siúl an tseachtain seo chugainn sna scoileanna agus sna hionaid a liostaítear thíos.

Tá réimse leathan ábhar á thairiscint lena n-áirítear teiripe scéimhe agus smideadh, ríomhaireacht (bunleibhéal, meánleibhéal), ACS/CPR agus Dífhibrileoir, cróiseáil, decoupage, ballarach cloiche single, garchabhair, cóiriú bláthanna, Fraincis, ginealas, stair na healaíne, Gaeilge, jiveáil, cothú agus aiste bia, forbairt phearsanta agus folláine, teanga chomharthaíochta, Spáinnis, tai chi, cócaireacht veigeatórach, snoíodóireacht adhmaid, péinteáil uiscedhatha agus i bhfad níos mó.

Ní féidir áirthintí a ghlacadh ar an ghuthán. Caithfear gach táille a dhíol ar an oíche rollaithe agus tá na ranganna atá á dtairiscint ag brath ar go leor daoine rollú fána gcoinne.

Tá lacáiste de €30 ar fáil do rannpháirtithe gan phá nó a gcleithiúnaí fásta (céile), lena n-áirítear pinsinéirí seanaoise OAPanna – aon rang in aghaidh an téarma.  Níl an lacáiste sin ar fáil do dhaoine dífhostaithe a bhfuil céilí s’acu ag tuilleamh tuarastail/pá.

Tabhair do d’aire, le do thoil, gur gá fianaise shásúil ar dhífhostaíocht a chur ar fáil .i. fianaise go bhfaigheann tú sochar leasa shóisialaigh, leabhar pinsin srl.

Caithfidh gach rannpháirtí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad.

Is féidir ceist a chur orainn faoin scéal ach glaoch ar (074) 074 97 21705/074 91 61600.

[google-drive-folder cfid=”23427″ columns=”title” showupload=”no” border=”yes”]