“Glór na Mac Léinn”; Fóram Úr á Reáchtáil ag an tSeirbhís Breisoideachais & Oiliúna (FET) an Mhí Seo Chugainn

Óstálfaidh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, a chéad fhóram neamhspleách riamh an mhí seo chugainn; “Glór na Mac Léinn” an teideal a bheidh air.

Tá sé mar aidhm ag an Fhóram aiseolas a bhailiú ó mhic léinn FET maidir le cé chomh héifeachtach agus atá soláthar Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna Dhún na nGall lena chinntiú go bhfuil an soláthar sin freagrúil do riachtanais mac léinn.

Féachann Seirbhís FET Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le mic léinn a chumasú trí bhealaí cuí a chur ar fáil le héisteacht lena gcuid ábhar imní, spéiseanna agus riachtanais le heispéireas oiriúnach agus réamhghníomhach a fhorbairt. Tá tuairimí na mac léinn riachtanach leis an pholasaí seo a fhorbairt agus le pleanáil agus le feabhas a chur ar chaighdeán na Seirbhíse FET.

Beidh an ócáid ar siúl ar an 11 Feabhra ó 9.30r.n.-2.30i.n. Tugadh cuireadh do chéad mhac léinn ó chláir agus ó chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha FET éagsúla atá á dtairiscint ag ETB Dhún na nGall le freastal ar an ócáid.

Stiúrthóir FET, Cróna Gallagher, a chuirfidh tús leis an ócáid le hóráid fáilte agus beidh aoichainteoirí le cloisteáil ina dhiaidh sin. Glacfaidh mic léinn páirt i réimse gníomhaíochtaí le heolas a bhailiú maidir lena dtuairimí, a smaointe agus a n-eispéiris i dtaca lena dturas oideachais le ETB Dhún na nGall.

Agus í ag caint roimh an ócáid, arsa Comhordaitheoir Dearbhaithe Cáilíochta FET ETB Dhún na nGall, Joanne Whitelock, “Tá lúcháir orainn an deis seo a bheith againn chun bualadh le mic léinn éagsúla ón tseirbhís FET ina hiomláine lena dtuairimí agus smaointe a fháil maidir lena dturas foghlama linn. Tá muid ag súil go mór le cloisteáil cad a bheidh le rá acu agus le bheith ag obair lenár gcuid mac léinn agus comhghleacaithe maidir le deiseanna foghlama amach anseo a mhúnlú.”

Tá roinnt mhaith de chúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall á gcómhoiniú ag Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa mar pháirt den Chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020, le maoiniú breise ón Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg do Chumasóige.