Comhordaitheoir Úr Cumasóige Ceaptha d’Ionad Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh

Tá Comhordaitheoir úr, Paula Burns, ceaptha ag ETB Dhún na nGall in Ionad Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh.

Tá Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh lonnaithe in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhaile Átha Seanaidh ETB Dhún na nGall. Tá sé ar cheann den iliomad clár atá á chur ar fáil ag Seirbhís FET Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Sular ghlac sí leis an phost seo, d’oibir Paula mar Dhuine Acmhainne i gCumasóige na hUaimhe do na seacht mbliana déag roimhe sin le ETB Lú agus na Mí. Is as Contae Fhear Manach ó dhúchas í agus tá lúcháir uirthi an deis seo a fháil le hoibriú le daoine óga i gcontae in aice lena contae dúchais .i. Dún na nGall.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr, dúirt Paula go raibh ríméad uirthi dul i mbun bainistíochta ar cheann de na sé ionad Cumasóige de chuid ETB Dhún na nGall sa chontae, “Tá mé ag súil go mór le tógáil ar an obair mhaith agus ar na caidrimh láidre atá cruthaithe ag an fhoireann i mBaile Átha Seanaidh agus tá súil agam go mbeidh mé ábalta roinnt peirspictíochtaí úra a thabhairt don chlár. Tá Cumasóige ina chlár oideachais den chéad scoth do dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois, daoine a d’fhéadfadh a bheith ag streachailt leis an chóras oideachais fhoirmiúil sula ndeachaigh siad isteach ann.”

Is é Cumasóige an clár oifigiúil oideachais, oiliúna agus taithí oibre de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna do dhaoine óga 16-20 bliain d’aois a d’fhág an scoil go luath nó a raibh deacrachtaí acu leis an chóras oideachais fhoirmiúil. Tugann sé an deis do dhaoine cáilíochtaí a bhaint amach agus roghanna a shainaithint le dul chun cinn a dhéanamh ina saol.

Agus í ag caint faoi cheapachán Paula, dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Guím gach rath ar Paula ina ról úr. Tá Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh ar cheann den iliomad clár Breisoideachais agus Oiliúna (FET) atá againn ar fud an chontae agus tá ról lárnach ag an ionad i mBaile Átha Seanaidh maidir leis an tseirbhís FET a chuireann muid ar fáil.

Tá Cumasóige cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann, ag Ciste Sóisialta na hEorpa agus ag an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Thosaigh Paula ar a post ar an 02 Eanáir. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cumasóige Bhaile Átha Seanaidh ar 071 98 51286 nó tríd an fhoirm fiosrúcháin ar láithreán gréasáin ETB Dhún na nGall (https://www.donegaletb.ie/donegal-youthreach-enquiry-form/) nó trí chuntais Facebook agus Twitter Chlár Cumasóige Dhún na nGall.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Sandra Buchanan
Paula Burns, Comhordaitheoir Chumasóige Bhaile Átha Seanaidh, ETB Dhún na nGall.