Gradaim FET Bronnta ar 150 Aosach i nGleann na Finne

Tháinig os cionn céad caoga duine le chéile in Óstán an Villa Rose, Bealach Féich, Déardaoin seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Baineadh na gradaim amach mar gheall ar chláir pháirtaimseartha éagsúla le bliain anuas, cláir a críochnaíodh i gceantar Ghleann na Finne.

D’fháiltigh Cróna Gallagher, Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, roimh na mic léinn agus a gcuid teaghlach agus cairde chuig an searmanas.

Thréaslaigh Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall leis na mic léinn as a n-éacht, ag rá, “Beidh i bhfad níos mó roghanna dul chun cinn agaibh anois sa mhargadh fostaíochta nó san earnáil breisoideachais agus ardoideachais agus oiliúna mar gheall ar na teastais a bronnadh oraibh anseo anocht.”

Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, Geoffrey Browne, a bhronn na teastais i réimse leathan clár agus ábhar lena n-áirítear Ullmhúchán Gairme, Cúram Leanaí, Cumarsáid don Ionad Oibre, Seirbhís Do Chustaiméirí, Scileanna Digiteacha, Teoiric na Tiomána, CETR, Scileanna Gnóthaithe Poist, Béarla agus Cumarsáid, ESOL, TFC agus Mata.

Mhaoinigh Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa roinnt mhaith de na cúrsaí sin mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Labhair roinnt mac léinn ar an oíche faoina n-eispéireas maidir le cúrsa FET a chríochnú le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall.

In 2019, chríochnaigh os cionn 11,000 mac léinn cúrsaí i níos mó ná 120 ionad ar fud an chontae, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é. Is féidir amharc ar a réimse leathan cúrsaí ar an rannán aimsithe cúrsa dá láithreán gréasáin (www.donegaletb.ie/coursefinder).

Sonraí an Ghrianghrafadóra: JMAC Photography
Communications & Digital Skills, Finn Valley FET Centre.
Communications & Digital Skills, Finn Valley FET Centre.
Communications & Digital Skills, Finn Valley FET Centre.
Childcare, Finn Valley FET Centre.
Communications & Digital Skills, Fin Valley FET Centre.
English Language, Finn Valley FET Centre.
ICT, Finn Valley FET Centre.
ICT (Major Award), Finn Valley FET Centre.
Digital Skills, Lifford.
Employability Skills (Major Award), Stranorlar.
Digital Skills, Raphoe and Stranorlar.