Iardhalta de chuid Choláiste Mhagh Éne lena Scoil a Chur Os Comhair an Phobail

Deich mbliana i ndiaidh di an Ardteistiméireacht a dhéanamh, bhí sé ar intinn ag Grace Gavin cuairt a thabhairt ar a hiarscoil, Coláiste Mhagh Éne i mBun Dobhráin, le ceardlann dhá uair a chloig a reáchtáil. Ba é an toradh a bhí ar an chuairt sin, áfach, ná clár faisnéise gairid! Rinne Grace an clár in éineacht lena páirtí, Richard Davies, trína gcomhlacht Wild Rice Films, agus chuaigh an clár i bhfeidhm go mór ar phobal na scoile agus ar dhaoine níos faide i gcéin.

De réir Grace, “Ba iad na buntreoracha ó Choláiste Mhagh Éne ná ceardlann dhá uair an chloig a reáchtáil le daltaí na hIdirbhliana a theagasc faoi scannánaíocht. Tháinig athrú ar an scéal, áfach, agus i ndiaidh siút dhá lá agus clár faisnéise gairid gan script, d’éirigh linn scéal iontach a insint faoi iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.”

Lean sé ar aghaidh ag rá, “Shuigh muid síos le baill foirne agus le daltaí agus chuir muid ceisteanna faoi na rudaí bunúsacha a chuireann áthas orthu ina gcuid oideachais.

Creideann Príomhoide Choláiste Mhagh Éne, Pat Tighe, “Má bhíonn daltaí sásta againn, oibreoidh siad níos fearr agus foghlaimeoidh siad dá réir.

Ba iad na freagraí a fuair siad, mar a mhínigh Grace, “machnamhach agus greannmhar agus chuir siad an cúlra ar fáil do scéal croíúil faoin obair mhór mhaith a dhéantar i scoileanna ar fud na tíre.”

Tá pobal Choláiste Mhagh Éne iontach go deo a sásta leis an scannán. Dúirt an Príomhoide Pat Tighe, “Tá fuinneamh fíordhearfach sa chlár faisnéise uilig.”

Cé go raibh siad lonnaithe in Bristol le trí bliana anuas, tagann Grace agus Richard ar ais go rialta le cuairt a thabhairt ar Bhun Dobhráin. Bhunaigh siad a gcomhlacht Wild Rice Films i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite agus oibríonn Grace ar fhorbairt ghnó, ar chúrsaí airgeadais, ar thaighde agus ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht. Tá saineolas ag Richard maidir le scannánaíocht; ainmníodh é do Royal Television Society West Award in 2017 dá chuid scannánaíochta ar ‘Best Factual’ do ‘WWII’s Great Escapes: The Freedom Trials’ ar Channel 4  agus d’oibrigh sé fosta ar ‘My Family and the Galapagos’ ar Channel 4 agus, le fíorghairid, le Megan Fox ar bhunchlár faisnéise de chuid Netflix, rud a thabharfaidh chun na hÉigipte agus go Meiriceá Theas é i mí Aibreáin na bliana seo.

Dúirt Grace, “Buíochas mór le Coláiste Mhagh Éne as cuireadh a thabhairt dúinn a theacht ar ais agus ba chóir do dhuine ar bith nach bhfuil sé feicthe acu súil a chaitheamh air má tá cumha orthu i ndiaidh a laethanta scoile!”

Is féidir amharc ar an scannán ar chuntas YouTube ETB Dhún na nGall  anseo https://www.youtube.com/watch?v=GXOGFsFlT_0.