ETB Dhún na nGall leis an 7ú Searmanas Bliantúil Bronnta Gradam a Óstáil ar an 23 Márta

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ag lorg iontrálacha óna scoileanna agus óna n-ionaid ar fud an chontae do Ghradaim 2019-20.

Uair amháin eile beidh tuairim is 26,000 dalta/mac léinn i dteideal cur isteach ar an chomórtas – sin an líon daoine atá ag freastal ar scoileanna, ar chúrsaí, ar cheardlanna agus ar thionscadail arna n-eagrú ag ETB Dhún na nGall i mbliana.

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 iar-bhunscoil agus is é an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae é fosta. Ina theannta sin, bainistíonn sé Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus Compháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair ógra.

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna an ETB, an Dr Martin Gormley, go meallann na gradaim lear mór iontrálacha i gcúig chatagóir, ó ealaíona agus cultúr go maireachtáil shláintiúil agus folláine.

“Tá an-chuid daoine againn i scoileanna agus ag déanamh cúrsaí linne gach bliain, beagnach 26,000; mar sin, tá caighdeán agus réimse na n-iontrálacha iontach go deo maith,” ar seisean. “Tá sé tábhachtach ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag an oiread sin daoine atá páirteach i bhfoghlaim agus in oiliúint i nDún na nGall.”

Beidh searmanas bronnta gradam na bliana seo ar siúl in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn Dé Luain, 23 Márta. Cuirfear na hiontrálacha do na gradaim ar taispeáint ó 9.30r.n. agus tabharfaidh painéal neamhspleách breithiúnas ar gach catagóir. Bronnfar na gradaim san iarnóin.

Is gá iontrálacha a chur isteach faoi mheán lae Dé hAoine, 13 Márta.

Is é an liosta iomlán de chatagóirí ná: Ealaíona, Cultúr, Oidhreacht agus an Ghaeilge; ETIM, Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic; Nuálaíocht, Cruthaitheacht agus Fiontraíocht; Maireachtáil Shláintiúil agus Folláine; agus Breisoideachas agus Oiliúint.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Sandra Buchanan
Sa phictiúr ó chlé go deas ag seoladh Shearmanas Bliantúil Bronnta Gradam 2019-2020 ETB Dhún na nGall tá baill an choiste eagrúcháin: Danny McFadden, Príomhoide Tánaisteach, Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth; Brenda Boyle, Ceann Seirbhísí Corparáideacha, ETB Dhún na nGall; Fiona Temple, Príomhoide, Coláiste na Maoile Rua; Liz Potter, Seirbhísí Corparáideacha, ETB Dhún na nGall; Ciaran O’Brien, Stiúrthóir, Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin; An Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall.