Beidh ETB Dhún na nGall le Feiceáil in Eagrán na Seachtaine Seo de Creative Company ar TG4

Beidh ETB Dhún na nGall le feiceáil in eagrán na seachtaine seo de Creative Company a bheidh á chraoladh ar TG4 Oíche Dhéardaoin, 6 Feabhra, ag 9.30i.n.

Tá siad ar cheann de na deich bhfoireann, lena n-áirítear dhá cheann as Dún na nGall, atá ag glacadh páirte sa seó siamsaíochta ealaínbhunaithe seo a bhfuil sé mar aidhm aige an t-ionad oibre is cruthaithí in Éirinn a aimsiú.

Tá deich gcomhlacht agus eagraíocht ón tír go léir ag glacadh páirte sa chlár agus ceanglaíonn Creative Company gach ceann acu le healaíontóir cumasach Éireannach ar fud an phróisis – beidh Bríd Higgins Ní Chinnéide, péintéir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus Liam de Frinse, ealaíontóir ildisciplíneach as Béal Feirste a bhfuil duaiseanna bainte aige, ag obair leis na comhlachtaí atá i gceist.

Beidh an tionscadal á mheas ag foireann léirmheastóirí ealaíne, ar saineolaithe iad: Evelyn O’Rourke, Craoltóir RTÉ; Caomhán Mac Con Iomaire, Dánlann Náisiúnta na hÉireann; agus Helen Carroll, Business to Arts.

Bainfidh cúig ionad oibre an babhta ceannais amach agus cuideoidh vóta poiblí le cinneadh a dhéanamh maidir le cén áit oibre a chruthaigh an píosa ealaíne is iontaí agus a bhfuil an teideal mar an comhlacht is cruthaithí in Éirinn tuillte aige.

Tá foireann de sheisear ball foirne ó rannóga éagsúla san eagraíocht ag déanamh ionadaíochta d’ETB Dhún na nGall. Is iad na daoine atá san fhoireann ná: Jim McGlynn, Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha na hEagraíochta (OSD), Oifigí Riaracháin; Derval Newman, Oifigeach Tacaíochta Gaeilge; Cróna Kerr, Múinteoir Ealaíne agus Deartha, Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET), Srath an Urláir; Marie Crossan, Múinteoir Ealaíne, Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn; Blaine Ó Maolagáin, Múinteoir Teicneolaíochta agus Adhmadóireachta, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn agus Colm Mac Ristéard, Bainisteoir Cúnta Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn agus Gaoth Dobhair, Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET).

Is iad na naoi gcomhlacht eile a bheidh ag glacadh páirte ná: Circle K, Energia, Óstán Ghleann an Iolair, Big O Taxis, The Dingle Hub, Standún, Raidió na Life, Maurice Ward Transport agus Donegal Yarns.

Ní hamháin go mbeidh an comhlacht a mbeidh an bua aige ábalta a rá gurb é an comhlacht is cruthaithí in Éirinn é, ach beidh a obair ealaíne ar taispeáint go poiblí in CHQ Bhaile Átha Cliath ag croílár cheantar gnó Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse trí mhí.

An tseachtain seo caite, bhain Donegal Yarns an babhta ceannais amach; beidh an clár sin le feiceáil Déardaoin, 13 Feabhra. An bhfaighidh ETB Dhún na nGall tríd an tseachtain seo? Tiúnáil isteach chuig TG 4 Déardaoin, 6 Feabhra, ag 9.30i.n. le fáil amach cad é mar a éireoidh le foireann ETB Dhún na nGall.