Gradaim FET Faighte ag Níos Mó ná 130 Aosach in Inis Eoghain

Tháinig os cionn céad tríocha duine ó gach cearn d’Inis Eoghain le chéile in Óstán an Ghrianáin, An Bheart, Déardaoin seo caite, le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Bhronn an ETB teastais ar níos mó ná céad tríocha mac léinn aosach a bhain cáilíochtaí amach i réimse clár lánaimseartha agus páirtaimseartha le bliain anuas. Chríochnaigh roinnt mhaith de na mic léinn sin a gcuid cúrsaí in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) Bhun Cranncha agus in ionaid phobail i gCarn Domhnach, Droim Fraoigh, Cionn Mhálanna agus in áiteanna eile in Inis Eoghain.

Dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le gach uile dhuine de na mic léinn anseo anocht as a bhfuil bainte amach acu agus aithním an obair a dhéanann ár Seirbhís FET; tá a cuid cúrsaí deartha le freastal ar riachtanais an phobail áitiúil anseo in Inis Eoghain.  

Thréaslaigh an Comhairleoir Rena Donaghey, ar ball d’ETB Dhún na nGall í, le gach mac léinn as a bhfuil bainte amach acu sular bhronn sí na gradaim orthu do réimse ábhar lena n-áirítear cumarsáid don ionad oibre, cúram agus oideachas na luath-óige, scileanna digiteacha, scileanna gnóthaithe poist le gairneoireacht, Béarla, próiseáil eolais, riarachán gnó agus bainistíocht maoirseachta.

Dúirt Cróna Gallagher, Stiúrthóir FET le ETB Dhún na nGall, “Tá sé go hiontach an oiread sin mac léinn a fheiceáil ag fáil gradam anseo tráthnóna inniu. Mar gheall ar na teastais atá faighte acu osclófar i bhfad níos mó roghanna dul chun cinn dóibh i dtaca le breisoideachas agus oiliúint nó i dtaca le saol na hoibre.”

Mhaoinigh Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa roinnt mhaith de na cúrsaí sin mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Labhair Roisin Doherty, Stiúrthóir Ionchuimsithe le SOLAS, an eagraíocht a mhaoiníonn Seirbhís FET an ETB, agus tharraing sí aird ar an dóigh a bhfreagraíonn cúrsaí agus cláir FET ETB Dhún na nGall ar phróifíl eacnamaíochta, chultúrtha agus shóisialta an chontae.

In 2019, chríochnaigh beagnach 12,000 mac léinn cúrsaí i níos mó ná 120 ionad ar fud an chontae, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é. Is féidir amharc ar a réimse leathan cúrsaí ar an rannán aimsithe cúrsa dá láithreán gréasáin (www.donegaletb.ie/coursefinder).

Staidéar Gnó, An Caisleán Nua.
Cúram Leanaí agus Proiseáil Eolais, Bun Cranncha.
Croíscileanna, Bun Cranncha.
ESOL, Bun Cranncha agus Carn Domhnach.
Bainistíocht Mhaoirseachta Foyle Dún na nGall.
Dearadh Gairdín, Bun Cranncha.
RPL, Seirbhís Treorach.
Cúram Sláinte, Bun Cranncha.
TF agus Béarla, Bun Cranncha.
IT, Droim Fraoigh.
TF, An Caisleán Nua agus Cionn Mhálanna; Gairneoireacht, Bun Cranncha.