Gradaim FET Bronnta ar 130 Aosach agus Duine Óg in Iarthar Dhún na nGall

Tháinig os cionn céad tríocha duine le chéile in Óstán an Waterfront, An Clochán Liath, Dé Máirt seo caite le réimse leathan gradam a fháil ó Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Bronnadh na gradaim ar mhic léinn i ndiaidh dóibh réimse clár páirtaimseartha agus lánaimseartha a dhéanamh le bliain anuas, cláir a críochnaíodh ar fud Iarthar Dhún na nGall in Ionaid Oideachais agus Oiliúna an ETB i nGort an Choirce agus i nGaoth Dobhair agus i seomraí ranga in Ard an Rátha, Na Dúnaibh, Dún Fionnachaidh,  An Clochán Liath, Na Gleannta agus Port Nua.

Thréaslaigh Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, Geoffery Browne, leis na mic léinn sular bhronn sé na gradaim orthu.

Ina measc bhí mic léinn pháirtaimseartha a fuair teastais ó Leibhéil 1-6 i réimse ábhar lena n-áirítear Scileanna Ríomhaireachta, Cúram agus Oideachas na Luath-Óige, Scileanna Gnóthaithe Poist (Gairneoireacht), Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile (BCTE), Béarla Riachtanach, TF Riachtanach, TFC, Scileanna Idirlín, Matamaitic don Teastas Sóisearach, Riachtanais Speisialta le Staidéar ar Mhíchumas Intleachta, Scarbhileoga, Teastas Eorpach na Gaeilge, Próiseáil Focal agus Úsáid na Teicneolaíochta.

Chómhaoinigh Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa roinnt mhaith de na cúrsaí páirtaimseartha sin mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Bronnadh mórdhámhachtainí Leibhéal 5 ar mhic léinn lánaimseartha i dtaca le Riachtanais Speisialta le Staidéar ar Mhíchumas Intleachta, Riarachán Gnó le dámhachtainí MOS (Speisialtóir Microsoft Office) agus ICDL. Chomh maith leis sin bronnadh mórdhámhachtainí Leibhéal 2, 3 agus 4 agus comhtheastais eile ar na daoine óga ar chlár Chumasóige Ghort an Choirce i bhFoghlaim Ghinearálta agus Scileanna Gnóthaithe Poist.  Tá Cumasóige cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann, ag Ciste Sóisialta na hEorpa agus ag an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.

Labhair roinnt mac léinn ar an oíche faoina n-eispéireas maidir le cúrsa FET a chríochnú le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall.

Agus í ag tréaslú leis na mic léinn as a n-éacht, leag Cróna Gallagher, Stiúrthóir FET, ETB Dhún na nGall béim ar phointe ar leith: “Beidh i bhfad níos mó roghanna dul chun cinn agaibh anois san earnáil breisoideachais, ardoideachais agus oiliúna agus sa mhargadh fostaíochta mar gheall ar na teastais a bronnadh oraibh anseo anocht.”

In 2019, chríochnaigh beagnach 12,000 mac léinn cúrsaí i níos mó ná 120 ionad ar fud an chontae, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é.

Cumarsáid agus Scairbhilleoga, Port Nua.
Scileanna Ríomhaireachta, An Clochán Liath.
Scileanna Ríomhaireachta, Gaoth Dobhair.
Scileanna Ríomhaireachta, Próiseáil Focail  agus Turasóireacht, An Clochán Liath.
Cúram agus Oideachas na Luath-Óige, An Machaire.
Béarla, An Clochán Liath.
Gairneoireacht, Carraig Airt, Dún Fionnachaidh agus Gort an Choirce.
Scileanna Idirlín, An Clochán Liath.
Scileanna Idirlín, Gort an Choirce.
Éifeachtacht Phearsantacht Ard Ratha.
Cúrsa Oiliúna i Riachtanais Speisialta le Staidéar ar Mhíchumas Intleachta, Gaoth Dobhair.
Teastas Eorpach Na Gaeilge.
Cumasóige, Gort an Choirce.
Riarachán Gnó, Gort an Choirce.
Cuntóireacht Riachtanas Speisialta, Gaoth Dobhair, Cúram agus Oideachas na Luath-Óige, Gort an Choirce.