Cumarsáid le Custaiméirí le linn Géarchéime – Seimineár Saor in Aisce Ar Líne do Ghnólachtaí Dhún na nGall

Mar gheall ar an dóigh a bhfuil COVID-19 ag cur isteach go mór ar an saol, is am maith atá ann do ghnólachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann siad cumarsáid le custaiméirí le linn na géarchéime seo: d’fhéadfadh an dóigh a ndéanann tú cumarsáid le daoine difear suntasach a dhéanamh do do ghnólacht .i. cé acu an dtiocfaidh sé slán as an ghéarchéim nó nach dtiocfaidh.

Tháinig líonraí gnó Dhún na nGall, mar atá Líonra Gnó Dhún na nGall, Líonra Mhná Gnó Dhún na nGall agus Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn le chéile le Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, trína Sheirbhísí d’Fhostóirí, le féachaint ar ardán tacaíochta comhoibríoch a chruthú.  I dteannta a chéile, tuigeann siad an gá le cumarsáid atá tomhaiste go cúramach le linn na tréimhse dúshlánaí seo.

Dé  Máirt, 14 Aibreán óstálfaidh siad seimineár saor in aisce ar líne trí Zoom le Jo Collins ó Sales Performance atá sásta am a thabhairt leis an seimineár a éascú ar an topaic ‘Cumarsáid le do Chuid Custaiméirí le linn Géarchéime.’ Tá aithne leitheadach ar Jo mar gheall a cuid saineolais in oiliúint díolachán le Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide.

Clúdóidh an seisiún seo ar líne na téamaí seo a leanas:

  1. Le linn géarchéime, caithfidh muid a bheith ar an eolas faoin dóigh a ndéanann muid cumarsáid le daoine.
  2. Le linn na hócáide seo, pléifidh muid roghanna i dtaca le cad a thig leat a dhéanamh do do ghnólacht anois mar aon le smaointe ar chumarsáid tríd an ríomhphost.
  3. Úsáid an t-am seo le caidrimh mhaithe ghnó a fhorbairt le do chustaiméirí atá tógtha ar mhuinín.
  4. Aimsigh bealaí le luach ar airgead a chur ar fáil agus tabhair sainléargais agus comhairle do do chuid cliant.
  5. Scrúdaigh bealaí ina dtig leat cumarsáid a dhéanamh le do chuid cliant agus tacú leo inniu.
  6. Déan iniúchadh ar bhealaí le cuidiú le comhlachtaí SME eile go díreach cosúil le do cheann féin.

Mairfidh an seimineár seo uair an chloig agus beidh ceathracha is a cúig bomaite d’ábhar i gceist agus cúig bhomaite dhéag de cheisteanna.  Úsáidfidh Jo Zoom leis an chruinniú seo a reáchtáil.

Caithfidh daoine ar spéis leo an ócáid clárú trí Eventbrite tríd an nasc seo: https://www.qqi.ie/Downloads/Guiding%20Principles%20for%20Alternative%20Assessment%20%28COVID-19%29.pdf

Maidir leis na gnólachtaí sin nach bhfuil cleachta le Zoom, tig le Líonra Gnó Dhún na nGall seisiún trialach a shocrú roimh an ócáid.

Labhair Michael Mac Ginty ó MEANit (Gníomhaireacht Deartha Gréasáin) agus ó Líonra Gnó Dhún na nGall faoin ócáid agus dúirt, “Líonaimis an spás digiteach seo. Bainimis leas as seo. Oibrímis uilig le chéile le tacú lena chéile le huirlisí maithe cumarsáide a úsáid inár ndíolacháin agus inár ngnólachtaí go dtí go gcasfar ar a chéile muid ag ócáidí níos mó níos moille sa Samhradh.”

 

Ar dháta éigin amach anseo, nuair a bheas deireadh curtha leis an bheart srianta reatha maidir le COVID-19, beidh Seirbhís FET ETB Dhún na nGall, trína Sheirbhísí d’Fhostóirí (tionscnamh Scileanna le Dul Chun Cinn), mar aon le Líonra Gnó Dhún na nGall, Líonra Mhná Gnó Dhún na nGall agus Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn ag óstáil seimineár le Jo Collins maidir le Máistreacht a Fháil ar Fheidhmíocht Díolachán.