Fanfaidh Scoileanna agus Ionaid FET ETB Dhún na nGall Druidte go dtí Meán Fómhair 2020

Fanfaidh gach scoil de chuid ETB Dhún na nGall, Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET), Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus an tseirbhís ceoil druidte go dtí tús na bliana acadúla 2020/21, ach amháin i gcás aon socruithe speisialta a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm do dhaltaí atá ag ullmhú dá Scrúduithe Ardteistiméireachta, i ndiaidh don Taoiseach Leo Varadkar an Treochlár maidir le sochaí agus gnó a athoscailt a fhógairt Dé hAoine, 01 Bealtaine – https://www.gov.ie/en/news/58bc8b-taoiseach-announces-roadmap-for-reopening-society-and-business-and-u/; tá Céim 5 i bhfeidhm.

Ní thiocfaidh na bearta sin, lena n-áirítear athoscailt scoileanna ETB Dhún na nGall, ionaid FET, Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus an tseirbhís ceoil, i bhfeidhm go dtí go bhfógróidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go bhfuil na coinníollacha cearta ann leis na srianta a mhaolú, srianta atá i bhfeidhm le gach duine againn a chosaint ó COVID-19.

Leanfaidh na socruithe maidir le leanúnachas gnó ar aghaidh, socruithe le haghaidh seirbhísí riachtanacha riaracháin lena n-áirítear foghlaimeoirí agus baill foirne a íoc.

Scoileanna ETB Dhún na nGall:

  1. Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall
  2. Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
  3. Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
  4. Coláiste na Carraige, An Charraig
  5. Coláiste Pobail Cholmcille, Toraigh
  6. Coláiste Cranncha, Bun Cranncha
  7. Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth
  8. Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn
  9. Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir
  10. Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir
  11. Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór
  12. Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin
  13. Coláiste Pobail Bhun an Phobail
  14. Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
  15. Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall:

  1. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Béal Átha Seanaidh
  2. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Bun Cranncha
  3. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall
  4. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall (Ardscoil na gCeithre Máistrí)
  5. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Gort an Choirce
  6. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Leitir Ceanainn
  7. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile na nGallóglach
  8. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Srath an Urláir (Gleann na Finne)
  9. Ionad Oiliúna ETB, Leitir Ceanainn (Baile Raithin)
  10. Ionad Oiliúna ETB, Gaoth Dobhair
  11. Ionad Cumasóige, Bun Cranncha
  12. Ionad Cumasóige, Gleann Gad
  13. Ionad Cumasóige, Leitir Ceanainn
  14. Ionad Cumasóige, Leifear
  15. Seirbhís Treorach d’Aosaigh (Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall)

Le breis eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar info@donegaletb.ie.

Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar an láithreán gréasáin seo (www.donegaletb.ie) agus ar ár gcuntais mheán sóisialta – Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus LinkedIn.