Fáiltíonn ETB Dhún na nGall roimh an Fhógra faoi Ghráid Ríofa le haghaidh Ardteistiméireacht 2020

Ag cruinniú boird mhí na Bealtaine d’fháiltigh Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall roimh an fhógra a rinne an Roinne Oideachais agus Scileanna le gairid maidir le ‘Gráid Ríofa’ do rang na hArdteistiméireachta 2020, leis an rogha go bhféadfaí scrúdú a shuí lá níos faide anonn.

Tuigeann ETB Dhún na nGall na dúshláin a bhí os comhair an Uasail Joe McHugh TD, An tAire Oideachais agus Scileanna, na Roinne Oideachais agus Scileanna agus Choimisiún na Scrúduithe Stáit maidir le sábháilteacht a chinntiú do gach dalta, don fhoireann scrúduithe agus don fhoireann scoile i gcaitheamh paindéim sláinte poiblí.

Le linn chruinniú boird mhí na Bealtaine ETB Dhún na nGall, chuir an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh, Uasal agus Stiúrthóir Scoileanna, an Dr Martin Gormley, na baill uilig ar an eolas maidir le próiseas na nGrád Ríofa le haghaidh na hArdteistiméireachta.

Chuir Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, an tUasal Geoffrey Browne in iúl go bhfuil lánmhuinín aige agus ag an Bhord as lucht bainistíochta agus as an fhoireann mhúinteoireachta in iar-bhunscoileanna agus Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna an ETB go mbeidh siad ábalta a chinntiú go mbeidh córas ann a bheidh cothrom do gach dalta.

Dúirt an tUasal Browne, “Tá mé muiníneach go gcinnteoidh gairmiúlacht agus taithí ár mball foirne go leanfar na próisis agus na nósanna imeachta uilig go hionraic agus go hiontaofa. Tá mé ag súil go léireoidh próiseas na nGrád Ríofa go beacht gnóthachtálacha oideachais ár gcuid daltaí uilig.

Tuigeann muid go maith an éiginnteacht atá os comhair dhaltaí na Sraithe Sóisearaí, ar athraíodh an modh measúnaithe s’acu – tá siad ag fáil tacaíocht leanúnach óna múinteoirí tiomanta agus lucht bainistíochta scoileanna atá eolach ar thábhacht a bhfolláine le linn na tréimhse dúshlánaí seo.”

Lean sé ar aghaidh agus dúirt, “Tuigeann ETB Dhún na nGall go maith fosta gur chaill cohórt dhaltaí na Chéad Bhliana, an Dara Bliain agus an Chúigiú Bliain am teagaisc luachmhar aghaidh ar aghaidh.  Aithním go bhfuil tasc deacair agus dúshlánach fós os comhair na Roinne Oideachais agus Scileanna agus tá súil againn go bhfreagrófar an iliomad ceisteanna atá fós gan freagairt faoi phróiseas na hArdteistiméireachta 2020 roimh thús phróiseas na ngrád ríofa.”

Ghuigh an Bord gach rath ar na daltaí sna míonna amach romhainn agus thug siad le fios go raibh siad ag súil go mbainfeadh siad amach a gcuid spriocanna ar a dturas oideachais, bíodh sin dul ar aghaidh chuig oideachas agus oiliúint nó dul ar aghaidh i dtreo na fostaíochta.

Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh agus Cathaoirleach Geoffrey Browne