Teachtaireacht dheireadh na bliana ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of Chief Executive Anne McHugh

Agus muid ag druidim le deireadh bhliain acadúil 2019-2020 dár gcuid scoileanna agus ionad, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt go poiblí dár mbaill foirne iontacha a bhí ábalta ag an dúshlán fíordheacair a bhí romhainn.  I ndáiríre, thar oíche, bhí ar bhaill foirne leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre agus paindéim COVID-19 ag dul ar aghaidh sa chúlra.  Agus is cinnte gur lean siad ar aghaidh!  Lean siad orthu ag teagasc, ag déanamh measúnuithe, ag tabhairt comhairle, ag tacú le daltaí, ag cur bia ar fáil, ag cuidiú ina gcuid pobal agus thar aon rud eile, ag tabhairt aire mhaith do dhaoine.  Tá an-aird ag ár mbaill foirne ar a gcuid daltaí agus bhí sé sin soiléir sa dóigh a ndearna siad i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí de dhualgas orthu a dhéanamh lena chinntiú go raibh daltaí ag leanúint ar aghaidh lena gcuid foghlama sna cúinsí neamhghnácha seo.

Bhí orainn déanamh gan roinnt mhaith de na searmanais thraidisiúnta deireadh bliana i mbliana ach bhí scoileanna agus ionaid nuálach agus cruthaitheach sa dóigh ar éirigh leo ócáidí a chur ar fáil ar líne a bhí cosúil leis na hócáidí ceiliúrtha a bhí le reáchtáil i hallaí spóirt i scoileanna ar fud an chontae.  Tá rang céimithe 2020 ceannródaíoch mar ghrúpa i roinnt mhaith bealaí.

Tá Meitheamh, mí na scrúduithe, athraithe ó bhonn i mbliana agus tá Córas Grád Ríofa forbartha dár ndaltaí Ardteistiméireachta.  Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bheannacht a chur chuig rang na hArdteistiméireachta 2020 agus iad ag tosú ar an chéad chéim eile dá saol.  Guím gach rath ar ár mic léinn Bhreisoideachais agus Oiliúna fosta ar an ábhar go mbeidh roinnt mhaith acu ag críochnú a gcuid cúrsaí ag an am seo fosta.

Caithfidh mé tuismitheoirí, caomhnóirí agus teaghlaigh ár gcuid daltaí uilig a lua; chuir siad tacaíocht leanúnach ar fáil fad is go raibh gach duine sa bhaile le roinnt míonna anuas.   Ní raibh sé furasta ach bhí ról ríthábhachtach agaibh le linn an ama seo tríd an tacaíocht sin a raibh géarghá léi a thabhairt do na daltaí nuair nach raibh siad ábalta dul isteach inár gcuid scoileanna agus ionad.

Níl a fhios ag éinne cad atá ag gabháil a tharlú sna míonna amach romhainn agus d’fhulaing roinnt mhaith teaghlach le linn na héigeandála seo ach tá an samhradh amach romhainn agus, le cuidiú Dé, cuideoidh roinnt aimsir dheas linn fáil fríd athoscailt ár dtíre. Le bhur dtoil, bainigí sult as na laethanta saoire agus leanaigí oraibh ag cloí le comhairle ár seirbhíse sláinte poiblí agus seasaigí an fód.

Tá muid ag súil le fáilte a chur roimh ár ndaltaí sa chóras oideachais agus oiliúna arís san Fhómhar: d’fhéadfadh sé a bheith difriúil ach leanfaidh ETB Dhún na nGall ar aghaidh ag iarraidh na caighdeáin is airde agus is féidir de theagasc agus foghlaim a chur ar fáil, beag beann ar an áit a bhfuil ár gcuid daltaí lonnaithe. Tá muid sa bhád chéanna.

Anne McHugh Príomhfheidhmeannach, ETB Dhún na nGall.