Príomhoide Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall in Iar-Bhunscoil Thoraí

Tá an tUasal Patrick Queenan ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar Phríomhoide úr ar Choláiste Pobail Cholmcille ar Thoraigh. Tá an scoil sin ar cheann den dá scoil oileáin atá á mbainistiú ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é agus bainistíonn sé cúig déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae.

Osclaíodh an scoil lán-Ghaeilge, Coláiste Pobail Cholmcille, sa bhliain 1999 le freastal ar phobal Thoraí, idir pháistí agus daoine fásta. Sular bunaíodh an scoil, bhíodh ar aos óg an oileáin slán a fhágáil lena dteaghlaigh agus lena mbaile agus leanúint leis an oideachas dara leibhéal nach raibh ar fáil ach ar tír mór ag an am. D’oibir ETB Dhún na nGall i gcomhar le tuismitheoirí an oileáin lena chinntiú go dtiocfadh le haos óg Thoraí leas a bhaint as oideachas dara leibhéal sa bhaile ar an oileán.

Is as Baile an Mhóta i Sligeach ó dhúchas é Pádraig; cháiligh sé ina dhéantóir uirlisí agus d’oibir sé san earnáil sin sular fhill sé ar an ardoideachas lena chéim a chríochnú ag Ollscoil Luimnigh. Tá sé ag teagasc miotalóireachta, innealtóireachta agus mata ag an scoil le dhá bhliain déag anuas. Le linn an ama sin, thit sé i ngrá leis an oileán, shocraigh sé síos agus chinn sé clann a thógáil ansin i ndiaidh dó oileánach a phósadh, Winne (McGinty).

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt Pádraig, “Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an fhoireann reatha, le daltaí, le tuismitheoirí/caomhnóirí, le bunadh an oileáin agus le ETB Dhún na nGall le cur leis an rath iontach a bhí ag Coláiste Pobail Cholmcille go dtí seo. Ina theannta sin, tá mé ag tnúth leis na dúshláin úra a bheidh i gceist sa ról agus le naisc agus caidrimh úra a dhéanamh ar an bhealach.”

Thréaslaigh Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, le Pádraig as a cheapachán agus dúirt, “Tá lúcháir orm go bhfuil sé ina bhall shinsearach dár bhfoireann bainistíochta iar-bhunscoile anois agus tá mé ag súil go mór le tacú leis ina ról úr sa bhliain atá amach romhainn.”

Sa bhliain acadúil roimhe seo 2019-2020, d’fhreastail thar 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh an cheapachán seo inár scoil ar Thoraigh. Cuidíonn ár bPríomhoidí go mór lenár soláthar iar-bhunscoile a bhainistiú; tá an ról s’acu lárnach do sheirbhís oideachais agus oiliúna foghlaimeoirlárnach ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.

Glacfaidh Pádraig lena cheapachán go hoifigiúil ar an 01 Meán Fómhair.

Príomhoide Úrcheaptha Choláiste Pobail Cholmcille Patrick Queenan.