Foireann Úr Rannpháirtíochta Fiontraíochta Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Tá beirt bhall foirne úra ceaptha ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall le tacú le fostóirí a bhfoirne a uas-sciliú agus a athsciliú.

Ceapadh Margaret Timoney mar an Comhordaitheoir Aitheantais Réamhfhoghlama (RPL) agus ceapadh Donna McDade mar an Comhordaitheoir Scileanna don Obair.

Tá post Margaret á mhaoiniú ag SOLAS faoina chiste Nuálaíochta agus Comhoibrithe. Comhpháirtíocht le ETB Luimnigh agus an Chláir a bheidh i gceist, agus díreoidh Margaret ar na hearnálacha cúraim sa dá réigiún i dtús báire.

Is éard is Aitheantas Réamhfhoghlama, nó RPL, ann ná próiseas trínar féidir scileanna agus eolas a fuarthas trí shaol taobh amuigh d’oideachas agus d’oiliúint fhoirmiúil a mheas agus a dheimhniú.

Ligfidh an obair d’fhostaithe na scileanna agus an t-eolas a fuair siad san ionad oibre a cheangal le cáilíocht náisiúnta, ag cinntiú nach mbeidh orthu rudaí a fhoghlaim faoi dhó.

D’oibir Margaret mar an Comhordaitheoir Réigiúnach Scileanna don Obair roimhe seo, ag clúdach Dhún na nGall, Shligigh agus Liatroma, agus tá sí ag súil lena ról úr a fhorbairt, “is forbairt iontach í seo d’ETBanna Dhún na nGall agus Luimnigh agus an Chláir agus tá mé ag súil le tacú le hoibrithe oilte a mblianta de thaithí a cheangal le cáilíochtaí.”

Féachann ról Donna mar Chomhordaitheoir Scileanna don Obair le croíscileanna forbartha a chur chun cinn mar bhunfhreagairt bhreisoideachais agus oiliúna a bhfuil sé mar aidhm aici deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a chur ar fáil laistigh den ionad oibre.

Tá Donna ag súil go mór lena ról úr fosta. Is as an Bheart i gCo. Dhún na nGall ó dhúchas í Donna agus tá an-chur amach aici ar an chontae, “Tá mé ag súil le bheith ag obair le ETB Dhún na nGall leis an phost iontach seo a fhorbairt agus le hoibriú le fostóirí ar fud an chontae le ligean dá bhfoirne barr a gcumais a bhaint amach.”

Tá an dá ról mar pháirt de Sheirbhís Rannpháirtíochta Fiontraíochta an ETB trína Sheirbhís FET agus, mar aon leis an Tionscnamh Scileanna le Dul Chun Cinn, tá siad dírithe ar thacú le fostóirí ar fud an chontae chun cur le tacar sainscileanna a gcuid foirne.

Agus í ag tréaslú le Margaret agus Donna as a gceapacháin, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Tá lúcháir orm go bhfuil muid ábalta ár seirbhísí tacaíochta a láidriú d’fhostóirí sa chontae, rud atá fiú amháin níos tábhachtaí anois agus muid ag tosú ar an chontae a oscailt arís i ndiaidh bhearta srianta COVID-19.”

Thosaigh Margaret ar a post ar an 02 Meitheamh, fad is go dtosóidh Donna ar an 01 Iúil. Is féidir le fostóirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leo ríomhphost a chur chuig Margaret ag margarettimoney307@donegaletb.ie nó chuig Donna ag donnamcdade@donegaletb.ie.

Comhordaitheoir Úrcheaptha Aitheantais Réamhfhoghlama (RPL) le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall, Margaret Timoney agus Comhordaitheoir Úrcheaptha Scileanna don Obair le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall, Donna McDade.