Leas-Phríomhoidí Úra Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Tá beirt Leas-Phríomhoidí úra ceaptha ag ETB Dhún na nGall ina scoileanna ar an Charraig agus i mBaile Dhún na nGall.

Ceapadh an tUasal Gareth Doherty mar Leas-Phríomhoide i gColáiste na Carraige (An Charraig) don scoilbhliain 2020/21, fad is gur ceapadh Caroline Mohan, Uasal mar Leas-Phríomhoide i nGairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall.

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é agus bainistíonn sé cúig déag den seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae.

Is í Gairmscoil na Mainistreach an iar-bhunscoil is mó den chúig iar-bhunscoil déag de chuid ETB Dhún na nGall agus tá thar 900 dalta ag freastal ar an scoil.

Cuireann Coláiste na Carraige oideachas dara leibhéal ar fáil do phobal na Carraige, do phobal Chill Charthaigh agus do phobal Ghleann Cholm Cille; tá sé ag glacadh páirte sa Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta agus tá 220 dalta ag freastal air.

Is as Srath an Urláir ó dhúchas é Gareth agus tá sé ag obair i gColáiste na Carraige ó 2009; roimhe sin d’oibir sé i gColáiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, áit ar theagasc sé ó 2005 go dtí 2009.

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt Gareth, “Tá mé ag súil go mór le mo ról úr sa scoil. Tá a fhios agam gur eispéireas dearfach a bheidh ann agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le pobal na scoile uilig.”

Is iardhalta de chuid Ghairmscoil na Mainistreach í Caroline agus d’fhill sí ar an AVS i ndiaidh dí céim a bhaint amach sa mhatamaitic agus san eacnamaíocht agus tá sí ag teagasc matamaitice ansin le 24 bliain anuas.

Tá sise ag tnúth go mór le tús a chur lena post úr fosta. “Tá mé ag tnúth le bheith ag obair le pobal na scoile uilig agus le leanúint ar aghaidh leis an obair mhaith atá á déanamh in AVS.  Mar iardhalta, tá lúcháir orm go bhfuil mo shaol uilig mar mhúinteoir caite sa scoil iontach seo agus tá mé ag tnúth leis an dúshlán úr a bheidh i gceist sa ról seo sna blianta amach romhainn.”

Agus é ag tréaslú le Gareth agus le Caroline ina gcuid ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá mé ag súil go mór le tacú le Gareth agus le Caroline ina róil úra sa bhliain amach romhainn agus tá lúcháir orm go bhfuil siad mar pháirt dár bhfoireann bainistíochta iar-bhunscoileanna anois.”

Sa bhliain acadúil roimhe seo 2019-2020, d’fhreastail thar 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh na ceapacháin seo inár scoileanna ar an Charraig agus i mBaile Dhún na nGall. Cuidíonn ár Leas-Phríomhoidí go mór lenár soláthar iar-bhunscoile a bhainistiú; tá an ról s’acu lárnach do sheirbhís oideachais agus oiliúna foghlaimeoirlárnach ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.”

Glacfaidh Gareth agus Caroline lena gceapacháin go hoifigiúil ar an 01 Meán Fómhair.

Príomhoidí Táinisteacha nuacheaptha Gareth Doherty (Coláiste na Carraige) agus Caroline Mohan (Gairmscoil na Mainistreach)