Tuarascáil Eisithe maidir le Soláthar Breisoideachais agus Oiliúna le linn Phaindéim COVID-19

Tá tuarascáil taighde eisithe ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall; díríonn an páipéar ar an dóigh a bhfuil teagasc, foghlaim agus measúnú á soláthar aici le linn phaindéim COVID-19.

Druideadh Ionaid FET ar an 12 Márta i ndiaidh don Rialtas a fhógairt gur chóir do scoileanna, réamhscoileanna agus ionaid bhreisoideachais agus ardoideachais druid ar feadh dhá sheachtain, le tacú le hiarrachtaí chun srian a choinneáil ar scaipeadh COVID-19.

Bhí sé doiligh a thuar cén dóigh a bhfuil druidim fhadtéarmach na n-ionad ag dul i bhfeidhm ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú.  Mar sin féin, leanadh ar aghaidh leis an obair le mic léinn agus thug ETB Dhún na nGall socruithe mionathraithe isteach maidir le teagasc, foghlaim agus measúnú de réir mar ab fhéidir.

D’iarr Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) ar ETBanna na socruithe mionathraithe sin a mheas i bhfoirm tuarascála taighde, rud a rinneadh mar pháirt d’aiseolas náisiúnta ar fud na hearnála tríú leibhéal.   Lig sé sin d’ETB Dhún na nGall scrúdú a dhéanamh ar nithe ar éirigh go maith leo agus ar nithe ar féidir leo feabhas a chur orthu.

Le heolas a bhailiú agus le tionchar na socruithe mionathraithe a mheas, forbraíodh roinnt suirbhéanna le haiseolas a fháil ó mhic léinn, ó bhaill foirne agus ó bhainisteoirí clár agus cuireadh beagnach cúig chéad acu ar ais.

Ba iad príomhchuspóirí na suirbhéanna ná: a fháil amach cad a bhí tábhachtach dar le mic léinn agus baill foirne; comhroinnt dea-chleachtais a éascú; na dúshláin a bhí ag mic léinn agus ag baill foirne le linn shrianta COVID-19 a shainaithint agus cuidiú le bainisteoirí clár i dtaca le pleanáil chun na dúshláin sin a shárú agus eochairthéamaí a shainaithint le cuidiú le heolas a dhéanamh do phleanáil amach anseo i gcomhthéacs shrianta COVID-19.

Is léir ó aiseolas na suirbhéanna ar fad gur tháinig téamaí ar leith chun solais, ó mhic léinn agus ó bhaill foirne, maidir le cianteagasc, cianfhoghlaim agus cianmheasúnú i gcomparáid le cad a bhí ar fáil mar ghnáthnós roimhe sin.

Ceann de na téamaí ba choitianta a tháinig chun solais ná gur cailleadh an idirghníomhaíocht aghaidh ar aghaidh idir baill foirne agus mic léinn, mic léinn lena bpiaraí, agus baill foirne lena gcomhghleacaithe.

Mar sin féin, in ainneoin na ndúshlán, bhí mic léinn an-soiléir faoi cad a d’oibir go maith agus iad ag dul i ngleic leis an athrú ollmhór .i. gan a bheith ábalta freastal ar ghnáthranganna.  Tarraingíodh aird ar an tacaíocht a fuarthas ó bhaill foirne agus moladh í sin go minic san aiseolas.

Sainaithníodh roinnt gnéithe dearfacha i dtaca leis an dóigh mhalartach le seirbhísí a sheachadadh, mar shampla: tá níos mó féinmhuiníne ag mic léinn agus ag baill foirne anois ó thaobh na teicneolaíochta de go háirithe; tiomantas agus comhoibritheacht na foirne maidir le cláir a sheachadadh; mic léinn ag aithint na n-iarrachtaí a rinne baill foirne ar a son agus daoine i gcoitinne ag ceapadh gur éirigh leo ar an iomlán; cé nach raibh sé foirfe, jab maith a bhí ann sna cúinsí deacra.

Agus í ag caint faoi éisiúint na tuarascála, ghabh Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, buíochas le foireann FET ETB Dhún na nGall, “Rinne ár mbaill foirne FET iarrachtaí móra agus tá siad fós á ndéanamh thar ceann ár mac léinn le linn shrianta COVID-19.  Bhí ról ag gach duine acu lena chinntiú go mbeifí ábalta leanúint ar aghaidh lenár réimse leathan de sholáthar oideachais agus oiliúna a sheachadadh, mar aon leis na tacaíochtaí riaracháin agus tánaisteacha atá de dhíth.”

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Clive Wasson Photography.

 

Mac léinn FET ETB Dhún na nGall (grianghraf ón gcomhad).