Fáilte Roimh an Bhliain Acadúil Úr ón Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh.

Nuair a bhí muid ag druidim le deireadh na bliana acadúla 2019/20 i mí na Bealtaine thug mé le fios go mb’fhéidir go mbeadh an bhliain acadúil úr difriúil ó bhlianta acadúla roimhe seo. Tá sé sin amhlaidh gan dabht ach tá fáilte an Fhómhair seo chomh croíúil agus chomh dearfach agus a bhí riamh. Tá ETB Dhún na nGall chomh tiomanta agus a bhí riamh; leanfaidh muid orainn ag déanamh gach iarrachta na caighdeáin is airde agus is féidir de theagasc agus d’fhoghlaim a chur ar fáil.  Ba mhaith liom fáilte a chur roimh dhaltaí úra agus a gcuid teaghlach go háirithe agus iad ag dul isteach i dteaghlach ETB Dhún na nGall.

Bhí ár scoileanna, ár nIonaid Bhreisoideachais agus Oiliúna agus ár nIonad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh i nGartán agus ár seirbhís ceoil (DMEP) thar a bheith gnóthach i rith an tsamhraidh agus muid ag ullmhú le hoscailt arís. Tá na seomraí ranga leagtha amach ar bhealach difriúil anois agus ceannaíodh soláthairtí glantacháin. Tá pleananna déanta le daltaí úra a thabhairt isteach chuig a gcuid scoileanna agus ionad. Rinneadh an-chuid machnaimh maidir le folláine gach uile dhalta agus ball foirne agus muid ag tosú ar an turas úr seo, turas nach ndearnadh riamh cheana. Cosúil le gach turas úr, beidh muid ag coinneáil súil ghéar ar ár gcuid dul chun cinn agus déanfaidh muid monatóireacht air.

Tá freagracht ar gach uile dhuine againn agus tá ról le himirt againn uilig agus impím ar gach duine leanúint orthu ag cloí leis na treoirlínte agus an chomhairle uilig de chuid an Rialtais agus FSS mar go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear tús le hoideachas agus le hoiliúint arís a oiread agus is féidir sna seachtainí amach romhainn.

Cuireadh isteach go mór ar thuras foghlama ár gcuid daltaí le cúig mhí anuas, go háirithe i gcás na ndaltaí sin a bhí ag ullmhú le haghaidh scrúduithe agus measúnuithe deiridh i réimse disciplíní. Bhí ár mbaill foirne iontach go deo maith sa dóigh ar éirigh leo a chinntiú gur lean daltaí orthu ag foghlaim a oiread agus ab fhéidir sna cúinsí a bhí ann. Leanfaidh ár mbaill foirne orthu ag cur leibhéal eisceachtúil seirbhíse agus cúraim ar fáil agus an bhliain acadúil úr ag tosú.

Tá súil agam go raibh ár gcuid ball foirne, ár ndaltaí, idir shean agus úra, agus a gcuid teaghlach ábalta a scíth a ligean agus sult a bhaint as roinnt am saor le linn mhíonna an tsamhraidh mar ullmhúchán d’am éiginnte atá amach romhainn mar a chonaic muid le srianta áitiúla i roinnt contaetha.

Is mór agam an iarracht ollmhór atá gach duine a dhéanamh agus muid ag leanúint orainn ag tarraingt le chéile ag iarraidh bua a fháil ar an víreas. Guím gach rath ar gach uile dhuine don bhliain acadúil úr atá amach romhainn. Tá muid fós sa bhád chéanna.

Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh.