Déanann Príomhfheidhmeannach Comhghairdeachas le Daltaí Ardteistiméireachta as a gcuid Torthaí

Bainistíonn ETB Dhún na nGall 15 den 27 n-iar-bhunscoil i gCo. Dhún na nGall, agus is comhpháirtí iontaobhais é do na hocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach sa chontae, agus inniu rinne sé comhghairdeachas leis na daltaí atá ag fáil a nGráid Ríofa don Ardteistiméireacht i ndiaidh bliain nach raibh a leithéid ann riamh.

Cuireadh scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí ar ceal den chéad uair i stair an stáit de bharr gur druideadh scoileanna agus ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) i mí an Mhárta mar gheall ar shrianta le cuidiú le scaipeadh Covid-19 a stopadh.

Rinne múinteoirí a gcuid teagaisc ar líne don chuid eile den bhliain acadúil agus bhí an-chuid struis ar na daltaí sin a bhí ag ullmhú dá scrúduithe deiridh.  Ócáid stairiúil eile atá ann inniu ós rud é gurb iad an chéad chohórt riamh lena gcuid torthaí a fháil sa dóigh seo.

Agus í ag caint níos luaithe inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Thar ceann ETB Dhún na nGall, ba mhaith liom comhghairdeachas ó chroí a dhéanamh le níos mó ná 900 dalta Ardteistiméireachta agus daltaí Ardteistiméireachta Fheidhmí sna cúig iar-bhunscoil déag atá againn, na céadta dalta atá i bPobalscoileanna agus i Scoileanna Cuimsitheacha an chontae, agus na ceithre fhoghlaimeoir fásta déag ónár nIonad Breisoideachais agus Oiliúna i Leitir Ceanainn atá ag fáil a gcuid torthaí inniu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le daltaí, le tuismitheoirí agus le daoine fásta as scoil nó ionad FET de chuid ETB Dhún na nGall a roghnú dá gcuid oideachais.  Tá muid bródúil as an dóigh a bhfuil muid ábalta na caighdeáin is airde agus is féidir de theagasc agus foghlaim a chur ar fáil dár gcuid daltaí le cuidiú leo a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Tá an-iarracht déanta ag na daltaí uilig, agus thacaigh agus chuidigh a gcuid tuismitheoirí, teaghlaigh agus múinteoirí leo tríd an phróiseas uilig. Guím gach rath ar achan duine atá ag cur isteach ar chúrsa oideachais eile nó atá ag pleanáil dul díreach ar aghaidh i dtreo na fostaíochta.”

“Beidh bliain acadúil 2020/21 iomlán difriúil i gcomparáid le blianta roimhe seo ach tá sé tábhachtach go leanfaidh daltaí ar aghaidh lena gcuid spriocanna a bhaint amach agus dul i ngleic leis an réimse staidéir atá roghnaithe acu a oiread agus is féidir.   Tá sé tábhachtach a nótáil fosta, mar gheall ar na cúinsí eisceachtúla, más mian le daltaí amharc arís ar a gcuid roghanna, gur chóir dóibh comhairle a lorg ón réimse leathan foinsí atá ar fáil dóibh. Áiríonn sé sin teaghlach, cairde, treoirchomhairleoirí agus a gcuid taighde féin. Níl aon chinnteacht ag baint leis an am atá le teacht agus mar a dhéanann muid ag gach am deacair ba chóir dúinn díriú ar aon rudaí dearfacha atá ann. D’fhoghlaim ár ndaoine óga an dóigh le dul i dtaithí ar bhealaí úra oibre go gasta agus d’fhoghlaim siad an dóigh le bheith cruthaitheach agus thar aon rud eile an dóigh le bheith acmhainneach.    Is mór an chabhair í sin dóibh agus iad ag bogadh go dtí an chéad chéim eile dá saol.”

Chuir Anne McHugh, Uasal i gcuimhne do dhaltaí, i dtéarmaí dul chun cinn, ‘Mar an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae, cuireann ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí ar fáil le freastal ar riachtanais na ndaltaí maidir le dul chun cinn. Chomh maith leis sin, is iomaí deis atá ann airgead a shaothrú agus foghlaim ag an am céanna trínár Seirbhís FET – ní gá do dhaltaí dul chuig codanna eile den tír lena spriocanna a bhaint amach. I measc na ndeiseanna sin tá printíseachtaí, cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) cúrsaí oiliúna agus réimse leathan de chúrsaí oiliúna lánaimseartha atá ar fáil trínár Seirbhís FET.’

Thug sí le fios fosta “Do na daltaí sin a chreideann nár bhain siad amach na torthaí a bhí siad ag iarraidh, tá réimse roghanna ann. I dtús báire, labhair leis an Treoirchomhairleoir i do scoil nó ionad – beidh sé/sí ábalta achoimre a thabhairt ar do chuid roghanna agus seans go mbeadh roinnt scrúduithe Ardteistiméireachta a athshuí i mí na Samhna ar cheann de na roghanna sin.”

“Cuireann ETB Dhún na nGall deiseanna foghlama ar fáil fosta trínár gclár Ógtheagmháil sna sé ionad atá againn trasna an chontae do dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois, daoine nár oibir an Ardteistiméireacht amach dóibh.”

Mar fhocal scoir, chuir sí i gcuimhne do dhaltaí “Is iomaí bealach éagsúil atá ann le bhur gcuid spriocanna a bhaint amach agus má bhíonn tú cruthaitheach agus tú ag mapáil do shlí amach, sin eispéireas foghlama tairbheach ann féin.”

Is féidir eolas a fháil ar chúrsaí breisoideachais agus oiliúna (FET) a chuireann ETB Dhún na nGall ar fáil ar an chúrsa-aimsitheoir ar a láithreán gréasáin www.donegaletb.ie/fetcoursefinder agus is féidir eolas ar gach réimse FET, lena n-áirítear printíseachtaí, a fháil sa rannán Míniú ar Chláir FEThttps://www.donegaletb.ie/further-education-training/fet-programmes-explained/. Lean cuntais mheán sóisialta an ETB (Facebook, Twitter agus Instagram) le heolas atá cothrom le dáta a fháil.

Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.