Fanfaidh Scoileanna agus Ionaid FET ETB Dhún na nGall Oscailte le linn Leibhéal 3 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19

Fanfaidh gach scoil, Ionad Oideachais agus Oiliúna (FET), Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus an tSeirbhís Ceoil oscailte agus cloífear le bearta cosanta de réir mar atá leagtha síos in Leibhéal 3 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, an leibhéal a bheidh i bhfeidhm i nDún na nGall ó mheán oíche Dé hAoine, 25 Meán Fómhair.  Beidh Leibhéal 3 i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí seachtaine go dtí Dé hAoine, 16 Deireadh Fómhair, i ndiaidh don Taoiseach Micheál Martin an méid sin a fhógairt inniu, Déardaoin, 24 Meán Fómhair.

Leanfaidh na socruithe maidir le leanúnachas gnó le haghaidh seirbhísí riachtanacha riaracháin, lena n-áirítear foghlaimeoirí agus baill foirne a íoc.

Impíonn ETB Dhún na nGall ar dhaltaí, ar bhaill foirne, ar theaghlaigh agus ar chairde cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí uilig maidir le déileáil le COVID-19.

Scoileanna ETB Dhún na nGall:

  1. Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall
  2. Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
  3. Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
  4. Coláiste na Carraige, An Charraig
  5. Coláiste Pobail Cholmcille, Toraigh
  6. Coláiste Cranncha, Bun Cranncha
  7. Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth
  8. Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn
  9. Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir
  10. Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir
  11. Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór
  12. Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin
  13. Coláiste Pobail Bhun an Phobail
  14. Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
  15. Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall:

  1. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Béal Átha Seanaidh
  2. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Bun Cranncha
  3. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall
  4. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall (Ardscoil na gCeithre Máistrí)
  5. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Gort an Choirce
  6. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Leitir Ceanainn
  7. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile na nGallóglach
  8. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Srath an Urláir (Gleann na Finne)
  9. Ionad Oiliúna ETB, Leitir Ceanainn (Baile Raithin)
  10. Ionad Oiliúna ETB, Gaoth Dobhair
  11. Ionad Cumasóige, Bun Cranncha
  12. Ionad Cumasóige, Gleann Gad
  13. Ionad Cumasóige, Leitir Ceanainn
  14. Ionad Cumasóige, Leifear
  15. Seirbhís Treorach d’Aosaigh (Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall)

Le breis eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar info@donegaletb.ie.

Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar an láithreán gréasáin seo (www.donegaletb.ie) agus ar ár gcuntais mheán sóisialta – Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus LinkedIn.