Príomhoide Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall i gColáiste an Eargail, Leitir Ceanainn

Tá an tUasal Danny McFadden ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar an Príomhoide úr i gColáiste an Eargail i Leitir Ceanainn.

Tiocfaidh an tUasal McFadden in áit an Uasail Charlie Cannon atá ag éirí as ag deireadh mhí na Nollag i ndiaidh beagnach daichead bliain le ETB Dhún na nGall, cúig bliana is tríocha le Coláiste an Eargail agus ocht mbliana mar Phríomhoide sa Choláiste.

Tá Coláiste an Eargail ag cur oideachas ar ardchaighdeán ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga Leitir Ceanainn ó osclaíodh go hoifigiúil é sa bhliain 1914. Sa lá atá innniu ann, tá curaclam leathan ag an scoil agus cuireann sí réimse leathan ábhar ar fáil do dhaltaí ag leibhéal na hArdteistiméireachta.  Cuireann an scoile roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ar fáil fosta trína soláthar Iar-Ardteistiméireachta (PLC). Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an phleanáil i dtaca le campas na scoile a shíneadh ionas go mbeidh sí ábalta freastal ar 750 dalta.

Is as an Chraoslach ó dhúchas é Danny agus is iardhalta de chuid Choláiste an Eargail é. Cháiligh sé ina mhúinteoir Gnó agus chuaigh sé ar aghaidh a theagasc i gColáiste an Eargail sular ghlac sé le post mar Leas-Phríomhoide i gColáiste na Daoile, Ráth Bhoth sa bhliain 2013.

Agus é ag caint faoina cheapachán, dúirt Danny, “Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an fhoireann reatha, le daltaí, le tuismitheoirí/caomhnóirí, leis an phobal áitiúil agus le ETB Dhún na nGall le cur leis an rath iontach a bhí ag Coláiste an Eargail go dtí seo. Ina theannta sin, tá mé ag súil leis na dúshláin úra a bheidh i gceist leis an ról, forbairt ár bhfoirgnimh scoile úire mar shampla, agus le naisc agus caidrimh úra a dhéanamh ar an bhealach.”

Thréaslaigh Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, le Danny as a cheapachán agus dúirt, “Tá lúcháir orm go bhfuil sé ina bhall shinsearach dár bhfoireann bainistíochta iar-bhunscoile anois agus tá mé ag súil go mór le tacú leis ina ról úr.” Chomh maith leis sin, ba mhaith liom moladh mór a thabhairt don Phríomhoide atá ag éirí as, an tUasal Charlie Cannon. Chuir Charlie go mór leis an fhoireann ardbhainistíochta i gColáiste an Eargail thar na blianta.”

Sa bhliain acadúil roimhe seo 2019-2020, d’fhreastail thar 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an ETB Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh an cheapachán seo i gColáiste an Eargail. Mar iarPhríomhoide Choláiste an Eargail mé féin, tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil duine dár n-iardhaltaí agus ball foirne ina dhiaidh sin ag glacadh leis an phost ardbhainistíochta anois – cuidíonn ár bPríomhoidí go mór lenár soláthar iar-bhunscoile a bhainistiú; tá an ról s’acu lárnach do sheirbhís oideachais agus oiliúna foghlaimeoirlárnach ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.”

Tosóidh Danny ina phost mar Phríomhoide go hoifigiúil ag deireadh na bliana féilire seo.

Príomhoide úrcheaptha Choláiste an Eargail, Danny McFadden.