Bás Tobann Ball Foirne ETB agus Chumasóige, Noel Rodden

Tá muid go mór faoi bhrón i ndiaidh dúinn cloisteáil gur bhásaigh ár gcomhghleacaí uasal agus comhalta den ETB, Noel Rodden, go tobann inné. Bhí Noel ina mhúinteoir inár nIonad Cumasóige i Leifear.

Bhí Noel ina bhall de Bhoird Bhainistíochta i roinnt scoileanna fosta – Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth; Pobalscoil Chloich Cheannfhaola; An Fál Carrach; Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach agus Pobalscoil na Rosann, An Clochán Liath.

Déanann muid comhbhrón ó chroí le deirfiúr Noel agus comhghleacaí s’againne, Breda Rodden, Duine Acmhainne inár n-ionaid Chumasóige i mBun Cranncha/i nGleann Gad agus le deartháireacha agus le deirfiúracha eile Noel agus leis an teaghlach sínte.  Tá sibh inár gcuid smaointe agus paidreacha.

Lena chois sin, déanann muid comhbhrón le comhghleacaithe Noel agus le comhaltaí Bhord agus Choistí ETB Dhún na nGall ag an am brónach seo.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

Noel Rodden.