An Clr Albert Doherty Tofa mar Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall

Toghadh an Clr Albert Doherty mar Chathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall iarnóin inniu. Toghadh an Clr Gary Doherty mar Leaschathaoirleach

Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae é. Mar aon lena Sheirbhís chuimsitheach Breisoideachais agus Oiliúna (FET), bainistíonn sé cúig déag de na seacht n-iar-bhunscoil agus fiche i gCo. Dhún na nGall agus is comhpháirtí iontaobhaí é d’ocht Scoil Phobail agus Chuimsitheacha eile.

Ina theannta sin, cuireann an ETB oideachas agus oiliúint allamuigh ar fáil ag a ionad i nGartán, mar aon le hoideachas ceoil agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair don ógra.

Is éard atá i gceist le Bord ETB Dhún na nGall ná dáréag ionadaithe tofa, beirt bhall foirne, beirt tuismitheoirí, beirt ionadaithe ó thionscail áitiúla agus triúr ionadaithe ó chomhlachtaí a bhfuil spéis faoi leith acu san   oideachas agus san oiliúint, nó a bhfuil eolas faoi leith acu maidir leis sin.

Agus é ag caint faoi bheith tofa mar Chathaoirleach, arsa an Clr Doherty, ‘Tá lúcháir orm a bheith tofa ar an ról tábhachtach seo laistigh d’ETB Dhún na nGall. Mar an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae, freastalaíonn sé ar gach pobal ar fud an chontae agus ar a chuid oileán. Tá roinnt dúshlán romhainn mar gheall ar COVID-19 agus Breatimeacht agus beidh ról an-tábhachtach ag an ETB i dtaca leis na dúshláin sin amach anseo.  Tá mé ag súil le tacú leis an fhoireann leis an obair thábhachtach sin.”

I measc na n-ionadaithe tofa eile tá: an Clr Rena Donaghey, an Clr Ian McGarvey, an Clr Barry Sweeny, an Clr Martin Farren, an Clr Martin Harley, an Clr Donal Coyle, an Clr Michael McBride, an Clr Noreen McGarvey, an Clr Noel Jordan agus an Clr John Shéamais Ó Fearraigh.

Joanne Donaghy, Uasal agus an tUasal Noel Rodden, a fuair bás le gairid, is ea na hionadaithe foirne, agus is iad an tUasal Geoffrey Browne agus Lorraine Doherty, Uasal ionadaithe na dtuismitheoirí.

Is é an cúigear ionadaithe eile ná: Lorraine Thompson, Uasal (Seirbhís d’Ógra Dhún na nGall) ag déanamh ionadaíochta d’Obair d’Ógra Éireann, Patsy McVicar ag déanamh ionadaíochta don Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD), Regina Grant ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm na hÉireann um Míchumas agus ionadaithe ó thionscail áitiúla: Brian McDermott (Óstán an Fheabhail/Foyle Hotel) ag déanamh ionadaíochta d’Institiúid Aíochta na hÉireann agus Gerard Grant (Pramerica) ag déanamh ionadaíochta do Chónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC).

Agus í ag caint faoi na ceapacháin, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Ba mhaith liom tréaslú leis an Clr Albert Doherty agus leis an Clr Gary Doherty as a bheith tofa mar Chathaoirleach agus mar Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall. Tá mé ag súil le hoibriú leo sa bhliain atá le teacht le seirbhís oideachais agus oiliúna atá foghlaimeoirlárnach agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár bpobail uilig ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.”

Ba é an cruinniú Boird ar an 07 Meán Fómhair an ceann deireanach fosta do Stiúrthóir um Thacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD) ETB Dhún na nGall, Jim McGlynn, i ndiaidh beagnach trí bliana is ceathracha de sheirbhís. Chomhoibrigh an tUasal McGlynn le tríocha Cathaoirleach le linn an ama sin agus leis an Choiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca agus leis an Choiste Airgeadais, a raibh baill den ETB agus baill sheachtracha, arna gceapadh ag an Bhord, mar pháirt díobh.

Cathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Albert Doherty.
Leaschathaoirleach úrthofa ETB Dhún na nGall, an Clr Gary Doherty.